2 Ríthe 12:19 - An Bíobla Naofa 198119 Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 ¶ Agus an chuid oile do ghníomhuibh Ioas, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar chroinice ríogh Iúdah? Féach an chaibidil |