Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Ríthe 11:8 - An Bíobla Naofa 1981

agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus béithí timchioll an rígh fa ccuairt, gach uile dhuine gun a arm iona láimh: agus gidh bé ar bith thiocfas a measc na ccóirigh a steach, marbhthar é; agus bíthise a bhfochair an rígh mar rachus sé amach agus mar thiucfas sé a steach.

Féach an chaibidil



2 Ríthe 11:8
7 Tagairtí Cros  

Ansin d'ordaigh Iahóideá an sagart do na hoifigigh airm: “Beirigí libh í taobh amuigh den áit naofa agus cuirigí chun báis leis an gclaíomh duine ar bith a leanfaidh í.” “Óir ní foláir,” a mheabhraigh an sagart dóibh, “gan í chur chun báis i dTeampall an Tiarna.”


agus téadh an dá thrian eile agaibh a bheidh ar dualgas ar an tsabóid ar garda ar Theampall an Tiarna (le hais an rí),


Seasadh na Léivítigh timpeall an rí, agus a arm i láimh gach fir; aon duine a dhéanfaidh iarracht ar dhul isteach sa Teampall, cuirtear chun báis é. Bígí le hais an rí ag teacht isteach agus ag gabháil amach dó.”


Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.


“Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,


fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”