Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: “Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.”
2 Ríthe 10:29 - An Bíobla Naofa 1981 Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Acht cheana níor dhealuigh Iehu ré peacadhuibh Ieroboam mhic Nebat, noch thug ar Israel peacughadh; níor fhill Iehu, O na láoghibh órdha do bhí a Mbetel, agus do bhí ann Dan. |
Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: “Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.”
Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”
Ach níor lean Iéahú dlí an Tiarna, Dia Iosrael, go dílis ná óna chroí go hiomlán; níor thug sé cul leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael.
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu.
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu.
Rinne sé an t‑olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn]
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne a shinsir. Níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis.
Dúirt Maois le hÁrón: “Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?”
Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”
Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.
Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.
Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna!
Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna.