Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 10:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iehu, Do bhrígh go ndéarna tu go maith a ccríochnughadh an neithesi is ceart ann mo radharcsa, agus go ndéarna tú ré tigh Ahab do réir a raibh ann mo chroidhe, suighfid do chlann don cheathramhadh glún a ccathaóir ríogha Israel.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 10:30
13 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leis an rí: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ó lig tú saor an té a bhí faoi mo bhang, tabharfar d'anam ar a anam, do mhuintirse ar a mhuintirsean.’ ”


Tabharfaidh mé an íde chéanna ar do theaghlach agus a thug mé ar theaghlach Iarobám mac Nabát, agus ar theaghlach Bháiseá mac Aichíá, de bhrí gur chuir tú fearg orm agus gur sheol tú Iosrael ar bhóthar an pheaca.


“Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”


Ansin chuaigh Iéahú chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa tSamáir; tháinig a mhac Iahóácház i gcomharbacht air.


Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.


Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.


Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.


Ansin chuaigh Iarobám chun suain lena shinsir. Rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig Zacairiá i gcomharbacht air.


“Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.


Seolfaidh mé an claíomh in bhur n‑aghaidh ag díolt an chonartha; má chruinníonn sibh ar scáth a chéile in bhur gcathracha, seolfaidh mé plá in bhur measc agus tabharfar ar láimh do bhur naimhde sibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí