Féuch, tháinic teine a núas ó neamh, agus do loisg sí an dá cheádchaiptín caógad maille re na gcáogaduibh: ar a nadhbharsin bíodh manumsa a nois mórlúaich ann do radharc.
Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d'impigh air á rá: “A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m'anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo.
Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: “Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.” D'éirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta,
Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”
D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”
Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.”