Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil I. Do innis Elías um bhás Ahasia. 10 Tug se teine ó neamh anúas.

1 Ansin do chuáidh Móab a gcogadh a naghaidh Israel tar éis bháis Ahab.

2 Agus do thuit Ahasiah sios tré laitís a shéomra úachdarach do bhí a Samária, agus do bhí sé tinn: agus do chuir teachda úadh, agus a dubhairt ríu, Eirigidhe, fiafruighidh do Bhaal‐sebub dia Ecron an ttiucfa mé ón ttinnios so.

3 Achd a dubhairt aingeal an TIGHEARNA re Helias an Tisbiteach. Eirigh, imthigh súas do theagmhail ré teachdaibh rígh Samária, agus abair ríu. An do chionn nach bhfuil Dia ann Israel, atáthaóise ag dul dfiafruigh sgéul do Bhaalsebub dia Ecron?

4 Anois ar a nadhbharsin is marso a deir an TIGHEARNA, Ní thiucfa tú a nuás as an leabuidh sin ar a ndeachuidh tú súas, achd do gheabha tú bás go deimhin. Agus dimthigh Elias.

5 ¶ Agus a nuáir dfilleadar na teachda ar a nais chuige, a dubhairt sé ríu, Cred fár fhilleabhair ar bhur nais?

6 Agus a dubhradarsan ris, Tháinic duine súas ar ccoinne, agus a dubhairt sé rinn, Imthighidh, eirghidh a ris chum an rígh ó ttangabhair, agus abruidh ris. Is marso a deir an TIGHEARNA, An do chionn nach bhfuil Día ann Israel, chuirios tú teachda dfíafruigh do Bhaal‐sebub día Ecron? ar a nadhbharsin ní thiucfa tú a núas as an leabuidhsin ar a ndeachaidh tú suas, achd do gheabha tú bás go deimhin.

7 Agus a dubhairt seision riu, Cred an ghne duine an té sin tháinic súas bhur ccoinne, agus dinnis na briathrasa dhíbh?

8 Agus do fhreagradarsan é, Duine fionnadhmhach, agus criosluigh le crios leathair timchioll a chaóil. Agus a dubhairt seision, Sé Elias an Tisbíteach é.

9 Ann sin do chuir an rígh chuige caiptín cáogaid maille re na cháogad. Agus do chúaidh sé súas chuige: (agus, féuch, do bhí seision na shuighe ar mhullach cnuic). Agus do labhair sé ris, Thusa a óglaich Dé, dubhairt an rígh, Tar a nuás.

10 Agus do fhreagair Elias, agus a dubhairt re caiptín an cháoguid, Mas óglach do Dhía misi, annsin tigeadh teine a núas ó neamh, agus loisgeadh sí thusa agus do cháogad. Agus tháinic teine a núas ó neamh, agus loísg sí eision, agus a cháogad.

11 A rís mar an gcéadna do chuir an rígh chuige caiptín oile ar cháogad maille re na chaogad. Agus do fhreagair seision é agus a dubhairt ris, A óglaich Dé, is marso a deir an rígh, Tárr a núas go tapuidh.

12 Agus do fhreagair Elias agus a dubhairt ríu, Más óglach do Dhía misi, tigeadh teine a nuas ó neamh, agus loisgeadh thusa agus do cháogad. Agus tháiníc teine Dé a núas ó neamh, agus do loisg eision agus a chaogad.

13 ¶ Agus do chuir a rís caiptín an treas cáoguid gun a cháogad. Agus do chúaidh an treas caiptín cáoguid súas, agus tháinic sé agus do léig é féin ar a ghlúinibh a bhfíaghnuise Elias, agus do ghuidh é, agus a dubhairt ris, Oh a óglaich Dé, guidhim thú, bíodh manumsa, agus anum an cháogaidsi do sheirbhisigh, mórlúaich ann do radharc.

14 Féuch, tháinic teine a núas ó neamh, agus do loisg sí an dá cheádchaiptín caógad maille re na gcáogaduibh: ar a nadhbharsin bíodh manumsa a nois mórlúaich ann do radharc.

15 Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA re Hélias, Eirigh leis sios: ná bíodh eagla ort roimhe. Agus déirigh seision, agus do chuáidh sé leis síos gus an righ.

16 Agus a dubhairt sé ris, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do bhrígh gur chuir tú teachda dfíafruighe sgéul do Bhaalsebub día Ecron, an do chionn nach raibh Día an Israel a bhfíafrochadh scéula dá bhreithir? air a nadhbharsin ni thiucfa tú a núas don leabuidhsin air a ndeacuidh tú súas, achd do gheabha tú bás go demhin.

17 ¶ Marsin fúair sé bás do réir fhocail an TIGHEARNA noch do labhair Elias. Agus do ríoghuidh Iehoram na aít, annsa dara blíadhan do Iehoram mac Iehosaphat rígh Iúdah; do chionn nach raibh éanmhac aige.

18 Anois an chuid oile do ghniómhuibh Ahasiah noch do rinne sé, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar Croinice ríogh Israel?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí