Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
1 Samúéil 4:12 - An Bíobla Naofa 1981 Theith Biniáimineach ón láthair chatha, agus shroich Sileo an lá céanna, agus a chuid éadaigh stróicthe agus luaithreach ar a cheann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do rioth duine do Bheniamin as an tslúagh, agus tháinic go Síloh an lá ceadna agus a éadach briste, agus cré ar a cheann. |
Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus d'imigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di.
Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.
Ar an gceathrú lá fichead den mhí seo chruinnigh clann Iosrael le chéile le troscadh a dhéanamh in éadach róin agus luaithreach ar a gceann.
Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe).
déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”
Tógfaidh siad olagón ar do shon, ag caoineadh go géar goirt. Caithfidh siad deannach ar a gcinn, ag únfairt i luaithreach.
Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.