Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eizicéil 27 - An Bíobla Naofa 1981


An Tuír: An Long

1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2 “A mhic an duine, caoin an Tuír.

3 Abair leis an Tuír, an chathair atá suite ar bhruach na farraige agus a dhéanann gnó leis an bpobal ar a lán insí: Seo mar a deir an Tiarna: A Thuír, dúirt tusa: ‘Tá mé thar a bheith sciamhach.’

4 Shín do theorainn amach go farraige; thug na saoir do sciamh chun foirfeachta.

5 Rinne siad do chláir uile as crainn ghiúise Shainír. Thug siad céadras ón Liobáin a dhéanfadh crann seoil duit.

6 As daracha Bháiseán a rinne siad do rámhaí. Chuir siad do bhord le chéile le péine as Insí na Mara, agus é maisithe le heabhar.

7 Ba línéadach mín ón Éigipt, ar a raibh obair bhróidnéirithe, do sheol agus do mheirge ar aon. Ba ghorm corcra do scáthbhrat ó insí Eilíseá.

8 Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvad do rámhaithe; bhí do shaoithe ar bord, a Thuír, mar lucht stiúrtha.

9 Bhí sinsir Ghabal, agus a fir dheaslámhacha ionat, ag calcadh do shiúntaí. Bhíodh loingeas na farraige uile agus a bhfoirne mairnéalach ar cuairt trádála agat.

10 “Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú.

11 Bhí fir Arvad le do shlua ar do bhallaí máguaird agus fir Ghamád i do thúir. Chrochaidís a sciath ar do bhallaí máguaird; thug siad do scéimh chun foirfeachta.

12 Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d'earraí.

13 Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar d'earraí.

14 Mhalartaíodh muintir Bhéit Tógarmá capaill, capaill chogaidh agus miúileanna ar d'earraí.

15 Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d'íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn.

16 Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d'earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní.

17 Bhí trádáil ag Iúdá agus ag tír Iosrael leat fosta; dhíolaidís ar do mhargadh cruithneacht Mhinnít, [céir], mil, ola agus balsam.

18 Bhí an Damaisc ina ceannaí agat mar gheall ar fhlúirse d'earraí agus méid do shaibhris, fíon Heilbeon agus olann bhán ó Záchar.

19 Thug Dán agus Iáván, ó Úzál amach, iarann buailte, caisia agus calmas duit ar d'earraí.

20 Bhí Déadán ag trádáil leat i gcídeoga capaill.

21 Bhí an Aráib agus prionsaí uile Chéadar ag trádáil leat in uain, i reithí agus i ngabhair.

22 Thrádáil ceannaithe Sheabá agus Rámá leat, ag malartú leat ar d'earraí togha na n‑uile spíosraí, clocha luachmhara agus ór.

23 Thrádáil Hárán, Canae, Éidin, ceannaithe Sheabá, Aisiúr agus Chilmead leat.

24 Thrádáil siad leat in éadaí luachmhara, i gclócaí corcra ar a raibh obair bhróidnéirithe, i mbrait ildathacha agus i gcorda casta téagrach.

25 Tháinig longa Thairsís trasna na farraige chun do mhargaidh. Bhí lasta mór lomlán ort i gceartlár na farraige.

26 Rámhaigh do rámhaithe thú amach ar an bhfarraige mhór. Bhris an ghaoth anoir thú i gceartlár na farraige.

27 Do shaibhreas, d'earraí, do lasta, d'fhoireann, do mhairnéalaigh, do chalcairí, do cheannaithe, do fhir chogaidh atá ar bord, agus do chomhluadar uile; rachaidh siad uile go tóin poill i gceartlár na farraige lá do longbhriste.

28 Nuair a sheolfaidh scread na mairnéalach ina gcluasa, crithfidh muintir na gcóstaí.

29 Tiocfaidh na rámhaithe anuas dá longa; na mairnéalaigh agus lucht farraige uile, fanfaidh siad ar an gcladach.

30 Tógfaidh siad olagón ar do shon, ag caoineadh go géar goirt. Caithfidh siad deannach ar a gcinn, ag únfairt i luaithreach.

31 Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon, crioslóidh iad féin le sacéadach, caoinfidh siad ar do shon le doilíos croí go géar goirt.

32 Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn, agus iad ag caoineadh ar do shon: Cé riamh a scriosadh mar a scriosadh an Tuír i lár na farraige?

33 Nuair a tháinig do lastaí i dtír chothaigh tú a lán daoine; shaibhrigh tú ríthe an domhain le méid do mhaoine is d'earraí.

34 Tá tú scriosta anois ag na huiscí, i ndoimhneacht na farraige móire; tá do lasta agus d'fhoireann báite mar aon leat féin.

35 Scanraigh an chinniúint muintir na n‑insí; tá uafás ar na ríthe iontu agus cuma bhuartha ar a ngnúiseanna.

36 Tá aos trádála na gciníocha ag fonóid fút; tháinig deireadh tubaisteach leat agus ní bheidh tú ann arís choíche.’ ”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí