Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau.
1 Samúéil 15:2 - An Bíobla Naofa 1981 Seo mar a deir Tiarna na Slua: ‘Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is marso a deir TIGHEARNA na slúagh, Cuimhnighim an ní do rinne Amalec re Hisrael, mar do chuir sé luigheachán roimhe annsa tslighe, a nuáir tháinic sé amach ón Négipt. |
Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau.
Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”
Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.
Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.
Ansin d'fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt: “Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha, ach dísceofar a shliocht go brách.”