D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”
1 Samúéil 10:16 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Sól lena uncail: “Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,” agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Saul re dearbhrathair a athar, Dinnís sé dhúinn go follus gur fríth na hassail. Acht do tháoibh chúisi na ríoghachda, dar lábhair Samuel ris, uíor innis sé éinni dhó. |
D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”
Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.
Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.
Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé.
Scríob sé cuid den mhil amach ina láimh agus d'ith í ag gabháil an bhóthair. Nuair a d'fhill sé ar a athair agus ar a mháthair, thug sé roinnt dóibhsean freisin; d'ith siadsan leis an mhil, ach níor inis sé dóibh gur thóg sé í ó chonablach an leoin.
Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d'athar?”
Nuair a bhí siúlta acu síos go himeall na cathrach, dúirt Samúéil le Sól: “Abair leis an searbhónta gabháil romhainn amach, ach fansa féin mar a bhfuil tú go fóill go n‑inseoidh mé briathar Dé duit.”