Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Ríthe 8:5 - An Bíobla Naofa 1981

D'ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do bhí an rígh Solamh, agus comhchruinniughadh Israel uile, noch do chruinnigh chuige, a bhfochair a chéile a bhfíadhnuise na háirce, ag íodhbuirt cáorach agus damh, nár fhéidir innisin nó áiriomh ar iomadamhlacht.

Féach an chaibidil



1 Ríthe 8:5
6 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí lucht iompair áirc an Tiarna imithe sé choiscéim, rinne sé damh agus caora ramhar a íobairt.


Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.


Thug siad áirc an Tiarna isteach agus chuir siad í sa bhoth a bhí réitithe ag Dáiví di; agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i láthair Dé.


Ghabh Solamh suas ansiúd ar an altóir chré-umha, a bhí taobh le Both na Teagmhála, i bhfianaise an Tiarna, agus d'ofráil míle ofráil uileloiscthe uirthi.


Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.