Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 12:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus dórduigh Ieroboam féusta annsa nochdmhadh mí, ar an ccúigeadh lá déug don mhí, samhuil an nféasta bhíos ann Iúdah, agus dofráil sé ar a naltóir. (Marsin do rinne sé a Mbétel) ag déanamh íodhbartha do na láoghuibh do rinne sé: agus do shuighidh sé a Mbétel sagairt na náiteach ard do rinne sé.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 12:32
11 Tagairtí Cros  

Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.


Níor éirígh Iarobám as a dhrochnósanna i ndiaidh an imeachta sin, ach lean sé air ag ceapadh daoine den choitiantacht arís ina sagairt do na hardionaid. Duine ar bith ar mhian leis é, choisric Iarobám é le bheith ina shagart do na hardionaid.


Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh i mí Éatáiním le linn na féile (an seachtú mí, sé sin)


D'ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse.


Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: “Lá féile don Tiarna an lá amárach!”


ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n‑ursaineacha le hais m'ursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís m'ainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach.


Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí