Bhí ceithre roth cré-umha agus ceithre fhearsaid chré-umha faoi gach seastán, agus ag na cúinní bhí teanntaí don bháisín, agus teilgeadh iad sin le fleasca ar a gcliatháin.
1 Ríthe 7:32 - An Bíobla Naofa 1981 Ba é tomhas a bhéil, ón mball inar tháinig na teanntaí le chéile go dtí a bharr, banlámh go leith. Bhí a bhéal cruinn, ar aon dul le taca faoi áras, agus ar an mbéal bhí íomhánna greanta. Ní cruinn a bhí na trasnáin, ach dronuilleogach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhádar ceithre roithléin fana nimlibh; agus mul na roithléan céangailte don bhása: agus dob é áirde an roithléin cubhad agus leath chubhad. |
Bhí ceithre roth cré-umha agus ceithre fhearsaid chré-umha faoi gach seastán, agus ag na cúinní bhí teanntaí don bháisín, agus teilgeadh iad sin le fleasca ar a gcliatháin.
Bhí na ceithre roth faoi na trasnáin, agus bhí fearsaidí na rothaí d'aon phíosa leis na seastáin, agus ba bhanlámh go leith airde gach rotha.