Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.
1 Ríthe 6:23 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne sé dhá cheiribín d'adhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do rinne sé dhá cherubín a stigh san oracuil do chrann ola, deich ccubhaid ar áirde ann gach áon díobh. |
Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.
Bhí sciathán den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad, agus an sciathán eile den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad; bhí sé deich mbanlámh ó rinn sciatháin go dtí rinn sciatháin eile.
Don bhealach isteach sa sanctóir rinne sé doirse d'adhmad olóige, le [hursaineacha cúigshleasacha],
agus dhá chomhla d'adhmad olóige. Rinne sé íomhánna de cheiribíní, de chrainn phailme agus de chnotaí, agus rinne sé iad a chumhdach le hór agus leath sé ór ar na ceiribíní agus ar na crainn phailme.
“A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.
Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.
Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.