1 Ríthe 22:4 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé le Iahóiseáfát: “An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: “Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m'eachra le d'eachra.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé re Iehosaphat, An racha tusa liomsa a ccath go Rámotghílead? Agus a dubhairt Iehosaphat re rígh Israel, Atáimsi mar atá tusa, mo mhuinntir mar do mhuinntir, meich mar heachruidh. |
...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.
Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: “Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m'aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?” “Déanfaidh mé,” d'fhreagair sé; “táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m'eachra le d'eachra.”
Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: “An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát: “Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.”
Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?
An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.
agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.
Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann m'oibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha,