Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Ríthe 2:7 - An Bíobla Naofa 1981

Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Acht foillsigh muinnteardhus do mhacaibh Barsiliai an Gileaditeach, agus bídis don droing iósas ar do bhórd: óir is marsin thangadar chugamsa a nuáir do theith mé roimhe Absolon do dhearbhrathair.

Féach an chaibidil



1 Ríthe 2:7
15 Tagairtí Cros  

Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d'fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo.


Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.


Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.” Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán.


Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”


Chuir Iahóiácaín a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.


Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, fad a mhair sé.


Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.


Ná tréig do chara, ná cara d'athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile.


Chuir Iahóiácaím a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.


Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.