Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo.
1 Ríthe 2:28 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a fuair Ióáb an scéala - mar thug Ióáb a thacaíocht d'Adoiníá cé nár thug d'Aibseálóm - theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Annsin tháinic scéula go Ióab (óir dfill Ióab le Adoniiah, giodh nar iompóigh sé a ndiáigh Absolon). Agus do theith Ióab go tabernacuil an TIGHEARNA, agus do ghlac greim ar bheannuibh na haltóra. |
Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo.
Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”
D'éirigh Adoiníá chomh maith, agus, le barr eagla roimh Sholamh, rith sé leis agus rug ar bheanna na haltóra.
Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis.
Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.
Déanfaidh tú beanna dá ceithre cuinní; beidh na beanna d'aon phíosa léi; cumhdóidh tú í le cré-umha.
Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.