Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 17:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 ¶ Agus do rinne Absolon caiptin do Amasa ar a shlúagh a naít Ióab: agus ba he Amasa mac duine dar bhainm Ithra Israelíteach, noch do luidh lé Abigail inghean Nahas deirbhshiúr do Sheruiah, mathair Ióab.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 17:25
11 Tagairtí Cros  

Shuigh Iosrael agus Aibseálóm a longfort i gcríocha Ghileád.


Sibhse mo bhráithre, sibhse m'fhuil agus m'fheoil féin; cén fáth, más ea, gur sibh a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?’


Agus abraigí le hAmásá chomh maith: ‘Nach tú m'fhuil agus m'fheoil féin? Go ndéana Dia seo agus siúd eile liom mura tú a bheidh mar cheann feadhna agam as seo amach in áit Ióáb.’ ”


Dúirt an rí le hAmásá: “Cuir gairm ar fhir Iúdá chugam faoi cheann trí lá agus bíse féin anseo chomh maith.”


Nuair a fuair Ióáb an scéala - mar thug Ióáb a thacaíocht d'Adoiníá cé nár thug d'Aibseálóm - theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra.


Fillfidh an Tiarna a bhearta fola ar mhullach a chinn féin air mar, gan fhios do m'athair Dáiví, d'ionsaigh sé agus chuir chun báis le faobhar claímh Aibnéar mac Néar, ceannasaí airm Iosrael, agus Amásá, mac Ieitir, ceannasaí airm Iúdá.


“Rud eile dhe, tá a fhios agat cad a rinne Ióáb mac Zarúá liom, agus cad a rinne sé le beirt cheannaire arm Iosrael, Aibnéar mac Néar agus Amásá mac Ieitir; conas mar a dhúnmharaigh sé iad; conas mar a rinne sé díoltas le linn síochána ar son fola a doirteadh le linn cogaidh; conas mar a smear sé crios mo choime agus cuaráin mo chos le fuil neamhchiontach.


Ansin tháinig an spiorad de ruathar ar Amásai, ceannaire an tríochad, agus dúirt sé: “Leatsa sinn, a Dháiví! Agus táimid leat, a mhic Ieise! Síocháin faoi dhó duit, agus síocháin do do lucht cúnta. Óir tá cabhair do Dhé chugat.” Ghlac Dáiví leo ansin, agus rinne oifigigh díobh ar a shaighdiúirí.


Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí