1 Ríthe 2:10 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Mar sin do choduil Dáibhi a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh é a gcathair Dháibhi. |
Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.
Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.
Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”
Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.”
Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.
Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví; agus tháinig a mhac Aibíám i gcomharbacht air.
Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear. Tháinig Iahóiseáfát, a mhac, i gcomharbacht air.
Ansin chuaigh Aibíám chun suain lena shinsir, agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcoróin ina áit.
Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.
Rinne Solamh cleamhnas le Forann rí na hÉigipte; phos sé iníon Fhorainn agus thug sé leis í go Dúnfort Dháiví nó go mbeadh a theach féin agus teach an Tiarna agus an balla timpeall ar Iarúsailéim tógtha aige.
Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.
Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear, agus tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.
Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.
Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí.
Thug a shearbhóntaí i gcarbad é go Iarúsailéim agus chuireadar ina thuama lena shinsir é i nDúnfort Dháiví.
Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus is mar sin a fuair sé an t‑ainm dúnfort Dháiví.
D'éag sé ansin i mbláth sonais a aoise, lán de laethanta, de shaibhreas, agus d'onóir. Tháinig a mhac Solamh i gcomharbacht air.
Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael.
Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.
Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcrích ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus d'imigh meathlú air.
“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.