Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An sin do chruinnigh Solamh sinnsir Israel uile, agus cinn na ttreabh, priomhaithre chloinne Israel uile, gus an rígh Solamh ann Ierusalem, go ttugaidís súas aírc chunnartha an TIGHEARNA as ccathruigh Dháibhi, si sin Sion.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:1
25 Tagairtí Cros  

Nuair a thángadar go hurlár buailte áirithe, shin Uzá a lámh chun áirc an Tiarna agus choinnigh socair í mar go raibh na daimh ag tuisliú.


Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.


Dhúisigh Solamh. Féach, brionglóid ab ea é! Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim agus sheas sé os comhair áirc chonradh an Tiarna, agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach, agus bhí fleá aige dá shearbhóntaí go léir.


Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus is mar sin a fuair sé an t‑ainm dúnfort Dháiví.


D'imigh Dáiví agus seanóirí Iosrael agus na ceannairí míle le háirc chonradh an Tiarna a bhreith ó theach Obaed Eadóm faoi lúcháir mhór.


Nuair a bhí áirc chonradh an Tiarna ag gabháil isteach i gcathair Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví ag rince agus ag ábhacht os comhair an Tiarna; fuair sí drochmheas air ina croí.


Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile in Iarúsailéim chun áirc Dé a thabhairt suas chun na háite a bhí ullamh aige di.


Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.


Chuir Hiziciá scéala go Iosrael agus go Iúdá go léir, agus scríobh sé litreacha go Eafráim agus Manaise, á iarraidh orthu teacht go Teampall an Tiarna in Iarúsailéim le Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael.


Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, chruinnigh an pobal go léir le chéile mar aon in Iarúsailéim.


i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach; agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -


Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.


Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.


Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!


Agus bíodh duine as gach treibh, ceann a fhine athartha, ag cabhrú libh sa ghnó seo.


chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: “Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta.


Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.


Uime sin tá seo sa scrioptúr: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí