Agus do shiubhail sé a bpeacadhuibh a athar uile, noch do rinne roimhe: agus ní raibh a chroidhe iomlan le na THIGHEARNA Día, már chroidhe a athar Dáibhi.
mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.
Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.
“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.
Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir.