Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
Agus thug sé comhartha úadh án lá sin féin, dhá rádh, Sé so an comhartha do labhair an TIGHEARNA; Féuch, stíallfuighthear an naltóir, agus an luáithreadh atá uirre dóirtfighthear amach í.
Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.
Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “Cén comhartha a inseoidh dom go leigheasfaidh an Tiarna mé agus go mbeidh mé ag dul suas go Teampall an Tiarna faoi cheann trí lá?”
Ansin dúirt Maois: “Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n‑éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: ‘Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit’?”
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di.
Agus seo daoibh an comhartha - is é an Tiarna a labhraíonn - go bhfuil ar intinn agam sibh a smachtú san áit seo, le go n‑aithneodh sibh go bhfuil mo fhocail bhagartha ag seasamh go deimhin in bhur n‑aghaidh.