Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise.
1 Ríthe 1:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ní dhearna a athair trasnáil air riamh á fhiafraí de: “Cén fáth a ndearna tú a leithéid seo?” Fear an-dathúil ab ea é agus rug a mhathair é i ndiaidh Aibseálóm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus níor chuir a athair na aghaidh uair ar bíth a rádh, Cred fa ndeárna tú marso? agus do bhí seison mar an gcéadna na fhear ro bhreágha; agus a ndiáigh Absolon do rug Haggit é. |
Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise.
D'fhreagair Solamh rí a mháthair: “Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d'Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.”
An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít;
Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh; ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.
Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.
Ritheadar chuige mar sin, agus thugadar amach as sin é agus nuair a sheas sé i measc an tslua bhí airde an chinn aige orthu go léir.
Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.
Bhí mac aige darbh ainm Sól, fear óg dathúil a bhí i mbláth a mhaitheasa. Ní raibh fear níba dhathúla ná é i measc na nIosraelach go léir; bhí airde an chinn aige ar an gcuid eile den phobal.