Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Salm 100 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Salm 100

Gairdígí don Tiarna
1 Salm buíochais.

1 Salm buíochais. 1 Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile;

2 fónaigí don Tiarna go lúcháireach. Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.

3 Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.

4 Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh. Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí. Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.

5 Nach maith é go deimhin an Tiarna; maireann a bhuanghrá go brách. Is dílis é ó ghlúin go chéile.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart