Caillte agus gan treo a bhí mé, cosúil le loch tine agus céasta a bheith i mo chinniúint, malluighthe go deo na ndeor. Ach, a chara, i ngrá agus i dtrócaire Dé, chuir sé a Mhac chun sinn a fhuascailt, an bhreithiúnas trom a chur ar neamhní.
Réitigh Íosa, ár Slánaitheoir, an bealach dúinn chun saol na síoraíochta a chaitheamh leis. Seo ár n-oidhreacht, fianaise ar a chaoinfhlacht agus a ghrá, lena shaoradh ó chumhacht an pheaca.
Meabhraíonn Rómhánaigh 3:23-24 dúinn "peacaigh iad uile agus iad tearc i nglóir Dé; ach tugtar saor in aisce iad trína ghrásta féin, tríd an bhfhuascailt atá i gCríost Íosa".
Ní mór dúinn an íobairt mhór seo a choimeád i gcuimhne, a bhriathar a chloisteáil agus a thoil a dhéanamh, ag leanúint ar a chosán agus ag maireachtáil de réir a phrionsabal. Is ansin amháin a gheobhaidh muid sólás agus leigheas, ag ullmhú don áit álainn a gheall Dia dúinn.
Mairimid i naofacht, ionas go bhfeicfimid a aghaidh go pearsanta lá éigin agus go mbeimid in ann adhradh a thabhairt dó go deo na ndeor.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.
Oír is ris an gcróidhe chreidthear chum fíréantachda; agus leis an mbéul do níthear admháil chum slánaighe.
Agus a dubhradarsan, Creid ann sa Tighearna Iósa Críosd, agus sláineochthar thú féin, agus do thigh.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige. Oír níor chuir Día a Mhac féin air a tsáoghal do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal; achd do chum go sláinéochaidh an sáoghal third.
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Agus do éigheadar do ghúth árd, ag rádh, Slánughadh dár Ndíane atá na shuidhe sa gcathaóir, agus do Núan.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Agus bíodh gur be an Mac é, dfoghluim sé úmhlachd as na neithibh do fhulaing sé; Agus ar mbeith dhó ar na dhéunam iomlán, do rinneadh úghdar an tslánuighe shíorruighe dhe do na huile dáoinibh úmhlaigheas dó;
Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
Agus thuguis dhamh mar an gceudna scíath do shlánuighthe: agus do chonnaimh do lámh dheas súas mé, agus do mhéuduigh do cheansachd mé. Fairseonguidh tú mo choiscéime fúm, agus ní sciorrfuid mo shála.
Oír ní chum feirge dórduigh Día sinn, achd chum an tslánaighthe do ghnodhughadh tré ar Dtighearna Iósa Críosd,
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Ní héidir lé neach ar bith teachd chugamsa, muna dtairrnge an Tathair do chuir uádh mé, é: agus dúiséochuidh misi é ann sa lá deigheanach.
Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar: Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann.
Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.
An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é.
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige. Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.
Ar mbeith fhios aguinn na sáorthar duine tré oibrighibh an reachda, achd tré chreideamh Iósa Críosd, do chreideamairne a Níosa Críosd mar an chreidamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: do bhrígh nach sáorfuighthear feóil ar bith tré oibrighibh an reachda.
Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach? Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith ach amháin, Día: achd mas mían leachd dul chum na beatha, eoimhéd na haitheanta.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Agus a dubhairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh. Do bhéura mé don tí ar a bhfuil tart ní ré ibhe do thobar uisge na beatha a naisgidh. An tí bheireas buáidh budh hoighre é ar an huile neithibh; agus biáidh mise um Dhía aige, agus biáidh seision na mhac agumsa.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh. Chum oighreachda neamhthruailligh, gan cháidhe, nach dtéid a seirge, choimhéudtar ar neamh fá bhur gcomhairse. Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.
Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Agus as í so toil an té do chuir misi uádh, go bhfuighe gach áorr do chí an Mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach: agus dúiseóchuidh misi é an lá déigheanach.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna. Agár ab é is geall connartha dar noighreachdne go teachd duinne a seilbh ar sáoirsi, chum moltá a ghlóiresion.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe. Agus do bhéaruidh an TIGHEARNA cabhair dhoibh, agus sáorfuidh íad: sáorfuidh se íad ó na drochdhaóinibh, agus coimhdeochuidh íad, do bhrígh go bhfuil a ndóigh ann.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Gidh bé aídmheóchas gur ab é Iósa Mac Dé, atá Día na chomhnuighe ann, agus eision a Ndía.
Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thréoruighios sinn go láetheamhuil, Día ar shlánuighthe. Selah.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Chum muinighne na beatha marthanuighe, noch do gheall Día, ris nach féidir bréug a dhéunamh, suil do crúthuigheadh an dómhan;