Deir focal Dé go bhfuil gach duine atá treoraithe ag Spiorad Dé, ina leanbh le Dia.
Chun staidéar a dhéanamh ar an mBíobla, níl uait ach treoir an Spioraid Naoimh. Nuair a bhíonn a threoir agat, is sólás é a bhriathar a thuiscint, sólás a choinneoidh tú i mbun staidéir de ló is d’oíche. Aithníonn gach leanbh guth a athar nó a máthar i gcónaí, agus beidh tú in ann tú féin a mhúineadh i mbriathra Dé nuair a thuigeann tú gur Athair nó Máthair duit é. Ansin beidh an cumas agat a theagasc a ghlacadh.
Sna hamanna deacra seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanfá do chaidreamh le Dia a dhoimhniú. Is ansin a gheobhaidh tú an eagna agus an tuiscint chun an nochtadh atá uait a fháil.
Agus dob uáisle na Híuduidhe sin na an mhuinntir do bhí a Dtessalonica, agus do ghabhadar an bhríathar go ro lúthgháireach chuca, ag cúartughadh na sgríobtúireadh gach éun lá, dá fhéuchuin an mar sin do bhádar na neithesin.
Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda: Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.
Cúartuighidh na sgriobtuiridhe; oír do cithear dháoibh fein gur ab ionnta gheibhthí an bheatha mharrthanach: agus as iad sin bheireas fiadhnuisi leamsa.
Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh: Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda:
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, A tá sibh ar seachrán, gan éolus na sgrioptúr, na chúmhachd Dé agaibh.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Mar naóidheanuibh núaidhbheartha, bíodh fonn aguibh a mbainne fhíorghlan na bréithre, chum bheith dhíbh ag fás ris:
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé. Oír an tí shiolchuireas don choluinn buainfigh sé truailligheachd don choluinn; achd an tí shiolchuireas don Sbioruid buáinfidh se an bheatha mharthanach don Sbioruid.
Do gheibh croidhe an duine eagnuidhe éolus; agus íárruidh clúas an duine chríonna eagna.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Oír is sgáile a neagna, agus is cumhdach an tairgiod: acht isé dearscnughadh a néoluis, go ttabhair a neagna sáoghal don druing agá mbí sí.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Achd atá an tungadh do ghlacabhair úadhsan na chomhnuighe ionnuibh, agus ní bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh: achd mar mhuineas an tungadh sin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fírinneach é, agus ní bhfuil bréug ann, agus do réir mar do mhúin sé sibh, do dhéunuidh sibh comhnuigh annsan.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
¶ Oír ní híad mo smúaintighthe bhur smuáintighthesi, ní mo asíad bhur slighthe mo shlighthesi, a deir an TIGHEARNA. Oír fa mar is áirde na neamha ná an talámh, is marsin is áirde mo shlighthesi ná bhur slighthesi, agus mo smuáintighthe ná bhur smuáintighthe.
Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
Agus fós, ar ndéunamh na huile dhúthrachda dhíbhse shá tháobh so, cuiridh súbhailcidhe ré bhur gcreideamh; agus eólas ré bhur súbhailcidhibh; Agus measarrghachd ré bhur neólas; agus foighid ré bhur measarrghachdl; agus díaghachd ré bhur bhfoighid; Agus cáoineas bráithreamhuil ré bhur ndíaghachd; agus grádh re bhur gcáoineas. Oír ma bhíonn na neithese eadruibh, agus iad ag líonadh, do bhéuruid oruibh gan bheith díomháoin na namhthórthach a neólas ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é: Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion. A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh.
¶ Cluinmíd críoch na cúise uile: Eagluigh Día, agus coimhéad a aitheanta: óir sé so iomlán an duine. Oír do bhéaruidh Día gach uile obair chum breitheamhnuis, maille re gach uile ní secréideach, mas maith, ná mas olc é.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
A né nach bhfuil a fhios aguibh, an dream bhíos ag coimhridh ré chéile go riothaid uile, bíodh gur ab éunduine bheireas an geall? Go madh hamhluidh dhéantáoisi rioth, ionnus go madh éidir libh gnodhughadh. Agus gach áon chleachdus sbáirn is measardha é sna huile neithibh. Agus is uime do níd síadsan sin chum coróine truáillighe dfagháil; achd inne chum coróine neamhthruáillighe. Uime sin as amhluidh riothaimsi, ní mar fá thuáirim; as amhluidh do ním sbáirn, ní mar neach bhuáileas an taiéur: Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.
Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal; Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin.
Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra don pheacadh: achd tugaidh sibh féin do Dhía, mar dhruing atá béo ó mharbhuibh, agus bhur mbaill na nármuibh firéantachda do Dhía.
Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Atáid thfíaghnuiseadh ro iongantach: uime sin coimhéaduigh manam íad. Re mo phuisínibh do chomháir mé breitheamhnus do bhéil uile. Do bheir dul a steach do bhríathar solus; ag tabhairt tuigse don tsimplighe.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
Déunuidh gáirdeachas do shíor sa Dtíghearna: a deirim a rís, Déunuidh gáirdeachas. Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh. Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh: Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca. Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe: Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
An té chumlas lé laimh mhainneachtnuigh thig sé chum bochtuine: achd do ní lámh an dúthrachtaigh sáidhbhir.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Ionnus go dtíubhradh Día ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsighe dháoibh chum eision dadmháil: Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh,
A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta: Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh. A mhic, na tarcuisnigh smachtughadh an TIGHEARNA; agus na bí curtha dhá cheartughadh: Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil. Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi. Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan. Is mórluáigh go mór í náid na clocha uaisle: agus na huile neithe is áoibhinn leachd ní coimhmeas ría íad. Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir. Is slighthe soláis a slighthe, agus is síodhchain a casáin uile. Is crann beatha í don druing ghlacus greim dhí: agus is beanuighe gach aon dá bhfostoighionn í. Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis. Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin.
Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil.
Amháín iomchruidh sibh féin go cubhaidh do shoisgéul Chríosd: ionnas dá dtigidh mé agus go bhfaicfeadh sibh, nó dá raibh mé uáibh, gi bhfuighead sgéula oruibh, go bhfuiltí ag fuireach a náoin Sbioruid, agus ag cur lé chéile déininntinn a gcreideamh an tsoisgéil;
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
¶ A THIGHEARNA, órdeochuidh tusa síothcháin dúinn: óir is tú fós do oibrigh ar noibreacha uile ionnuinn.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig: Agus do thúirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhúaileadar ar an ttigh úd; agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinniméd air charraig.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh;
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Uime sin ar gcreasrughadh leasruigh bhur ninntinne dhibh, maille ré measarrghachd, bíodh dóchas diongmhálta aguibh as an ngrás atá ar na thabhairt chuguibh a dtaisbéunadh Iósa Críosd;
Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.
A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham, Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh.
Ise croidhe an duine thríallus a shlighe: acht ísé an TIGHEARNA dhírighios a chéime.
Agus tóigfid súas mo lámha fós chum haitheanta, noch do ghrádhuigh mé; agus do dhéanad smuáineadh ann do reachtaibh.
Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.
Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
A dhearbhráthair grádhuigh, do bfearr leam ar tús go bhfaghthá séun agus sláinte, amhuil atá séun ar thanam.
Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás, Furtachd do bhur gcroidhthibh, agus go ndaingnidhe sé sibh sa nuile bhréithir agus dheaghobair.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd: Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan. Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas. Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile: Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear an peacadh a leith dhuine a nuáir nach mbíonn dligheadh ann. Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda. Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán. Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha. Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd. Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha. Oír mar is tré easúmhlachd éunduine amháin do rinneadh peacuigh do mhórán, is mar sin tré úmhlachd éunduine amháin do dhéantar firéanuigh do mhórán. Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.
Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.