Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


38 Véarsaí sa Bhíobla faoi Umhlaíocht d’Údaráis

38 Véarsaí sa Bhíobla faoi Umhlaíocht d’Údaráis

A chairde, tá sé de dhualgas orainn mar chreidmhigh géilleadh do bhriathar Dé atá le fáil sna scrioptúir naofa. Cuid den ghéilleadh sin ná urraim a thabhairt do na húdaráis atá i láthair i saol gach duine againn, bíodh siad sa séipéal, sa bhaile, san obair nó sa tír.

Trí géilleadh dóibh siúd atá i gceannas orainn, táimid ag cur prionsabal tábhachtach i bhfeidhm atá leagtha síos ag Dia ina bhriathar féin. Is luachmhaire an géilleadh seo i súile an Tiarna ná aon ghníomh eile.

Tugann an géilleadh seo beannacht dár saol agus cabhraíonn sé linn fás i ngach gné dár saol. Neartaíonn sé ár gcarachtar agus ullmhaíonn sé sinn chun níos mó a fháil ná mar atá againn cheana féin.

Luach saothair a thugann Dia dóibh siúd a leanann a thoil agus a thugann urraim dá phrionsabail agus dá dhlíthe. Mar sin, tá sé tábhachtach urraim a léiriú dár n-údaráis trí ghuí nó trí aon mhodh eile aitheantais.


Eaxodus 22:28

Ní mhaisleocha tú na dée, ní mhailleocha tú ríaghlóir do phobuil.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 17:12

Agus an duine do dhéanas go heasurramach, agus nach éistfidh ris an tsagart noch sheasas ann sin do mhiniostrálachd a lathair do THIGHEARNA Dé, nó ris an mbreitheamh, fuileonguidh an duine céadna sin bás: agus cuirfe tú an tolc ar siubhal ó Israel.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 24:21

A mhic, imeagluidhsi an TIGHEARNA, agus an rígh: agus ná bean ris na dáoinibh sóghluáisde:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Cóheilit 8:2-5

¶ Comhairlighim dhuit aithne an rígh do choimhéad, agus sin ar son mhionna Dé. Ná bíodh deithfir ort do dhul as a radharc: ná seas a ndroichní; óir do ní seision an ní is áill leis féin. Mar a mbí focal an rígh, bí cumhacht: agus cía fhéadas a rádh ris, Cred é sin do ní tú? Gidh bé choimhlionas a naithne ní mhothochuidh sé droichní ar bith: agus bí fios aimsire agus breitheamhnuis ag croidhe an duine ghlic.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 29:7

Agus íarruidh síothcháin na caithreach chum a ttug misi fa deara bhur mbreith a láimh, agus guidhigh chum an TIGHEARNA ar a son: óir iona síothcháinsion do gheabhtháoisi síothcháin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 22:21

A deiridsean ris, Ré Séasar. A deir seasean ríu, an tráthsin, Ar a nadhbharsin tabhuidh do Shéasar na neither is lé Séasar; agus na neither is lé Día do Dhía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 23:2-3

Ag rádh, A táid na sgríobuidhe agus na Phairisínigh na suidhe a gcaithir Mháoisi: Ar a nadhbharsin gidh bé bheir a naltóir mar mhionna, do bheir sé í féin, agus gach ní dhá bhfuil uirrthe mar mhionna. Agus gidh bé bhéir an teampoll mar mhionna, do bheir sé é féin, agus an té a tá na chomhnuidhe ann mar mhionna. Agus gidh bé neach do bheir neamh mar mhionna do bheir sé caithír Dé, agus an tí a tá na shuidhe uirrthe mar mhionna. As anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír gabhtháoi deachmhuidh an mhionntais agus na hainíse agus an choimin, agus leigthí tharuibh an chuid is tábhachduigh don dligheadh, comhthrom, agus trocaire, agus firinne: do budh coir dháoibh íad so do dhéanamh, agus gán íad súd dfágbháil gan déanamh. A threoruighthe dall, sgagus an mhíoltóg, agus shluigeas an cámhall. As anáoibhinn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír glantáoi an chuid a muigh do chupán agus do mhéis, achd a táid síad táobh a sdigh lán do shracaireachd agus déagcóir. A Bhphairisínigh dhoíll, glan ar tús an chuid a sdigh don chupan agus don mhéis, do chum go mbiadh an táobh a muigh dhíobh glan mar an gcéadna. Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrabhuidh! oír is cosmhuil sibh ré túamidhibh geala a tá deaghmhaiseach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar. Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir. Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe, agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! oír do nithí túamuidhe do na fáidhibh, agus deaghmhaisighthí leachduighe na bhfíréanach, Ar a nadhbharsin gach uile ní a déaruid síad ríbh do choimhéad, coimhéaduidh agus déanaidh íad; achd ná déanuidh do réir noibrighthe: oír a deirid síad, agus ni dhéanuid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:1-2

Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad. Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe. Agus sin, ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chodladh: óir is goire dhúinn a nois ar slanughadh na a nuáir do chreideamar. Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais. Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth. Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh. Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chúmhachda, cuiridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh gabhaid damnughadh chuca féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:3-4

Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroich ghniomharthadh. Uime sin an mían riot bheith gan eagla an chúmhachda ort; déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh: Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Tiomóid 2:1-3

Uime sin teaguisgim, thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, urnuighe, agus altughadh, ar son na huile dháoineadh; Achd (mar is cúbhaidh do mhnáibh gheallus crábhádh) ré deaghoibrighibh. Déunadh an bhean fóghluim a gcíuinus maille ris a nuile úmhlachd. Oír ní thuguim cead do mhnáoi teagusg do thabhairt uáithe, ná ceannas do bheith aice ós cionn a nfir, achd bheith na tóchd. Oír a sé Adhamh do crúthuigheadh ar tús, agus na dhiáigh sin Eúbha. Agus ní hé Adhamh do mealladh, achd ar mbeith don mhnáoi ar na mealladh a sí bá ciontach ré briseadh na háithne. Gidheadh slaineóchthar í ré breith cloinne, dá gcomhnuighid síad a gcreideamh agus a ngrádh agus a náomhthachd maille ré macántus. Ar son na ríghtheadh, agus ar son na nuile agá bhfuil cúmhachda; chum ar mbeatha do chaitheamh go sm mbeatha do chaitheamh go súaimhneach siothchánta dhúinn a nuile chráibhtheachd agus chneasdachd. Oír is maith agus is geannamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar Slánaightheóir;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:3-5

Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroich ghniomharthadh. Uime sin an mían riot bheith gan eagla an chúmhachda ort; déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh: Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc. Uime sin as éigean bheith úmhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar son coinnsiáis.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:13-14

Uime sin bíghidh úmhal dá gach uile ordaighthe dhaóna, ar son an Tíghearna: ní hé amháin don rí, mar an tí agá bhfuil áirdcheannas; Achd do na húachdaránuibh mar an gcéudna, mar an luchd curtha úadh chum díoghaltuis ar luchd na míghníomh, agus chum molta luchd na ndeighghníomh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 14:40

Déuntar na huile neithe go deaghmhaiseach agus do réir orduighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 13:17

Tábhruidh úmhlachd do luchd bhur dtréoruighthe, agus íslighe sibh féin dóibh: óir bíd siad ag faire bhur nanmann mar an luchd bhéuras conntas úathadh, chum so do dhéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas agus ní ré hosnaighibh: óir as neamhtharbhach dhíbhse so.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:22

A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal sna huile neithibh don druing is maighisdridhe oruibh do réir na feóla; ní a seirbhís súl, mar luchd do ní toil na ndaóine; achd maille re neamhurchóid chroidhe, ar mbeith eaglach dhíbh roimhe Dhía:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 5:5

Mar an gcéudna, a dhaóine óga, tuguidh úmhladh do na sinnsearuibh. Agus bíghidh uile úmhal dá chéile, déunuidh sibh féin deaghmhaiseach don táobh a stigh ó úmhlachd inntinne: óir cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach agus do bheir grása do númhal.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 6:5-8

A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur maighisdribh do réir na féola, maille ré faitcheas agus ré criothnughadh, a bhfíorghloine bhur gcroidheadh, amhuil do bhíadh sibh, do Chríosd; Ní ag déunamh seirbhíse don tsúil, mar an luchd do ní toil na ndáoine; achd mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chróidhe; Maille ré deagthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil do Tíghearna, agus ní do dháoinibh: Ar mbéith a fheasa aguibh gidh bé maith do dhéunas gach áon, go bhfuighe sé a lúaidheachd ón Dtíghearna, más dáor nó sáor é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:15

Oír is mar sin ag déunamh maitheasa dhíbh, as toil lé Día srían do chur ré hainbhfios na ndaóineadh éigcéillidhe:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Dainéil 2:21

Agus áthruighidh sé na haimseara agus na huáine: áthruighidh sé ríghthe, agus cuiridh sé ríghthe súas: do bheir sé eagna do na daóinibh glioca, agus eólus don mhéid aithnighios tuigsi:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 6:1-3

A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so. Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail. Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda. Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh. Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh ar na gcreaslughadh ré firinne, agus ar gcur éidigh uchda na fíreantachda iomuibh; Agus brogan ullmhuighthe shoisgéil na siothchána fá bhur gcosaibh; Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh. Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé. Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh; Agus ar mo shonsa, ionnus go dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha, a nosgladh mo bhéil maille ré danach, chum seicreide an tsoisgéil do fhoillsiughadh dhamh. Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;) Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt. Achd ionnus go mbíadh fios aguibhse air na neithibh bheanas riomsa, agus créd do nim, foillseóchuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas sa Dtíghearna, na huile neithe dhibh: Noch do chur mé chuguibh a dtimchioll a nádhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh cómhfhurtachd dá bhur gcróidhthibh. Siothcháin ris na dearbhráithribh, agus grádh maille ré creideamh, ó Dhía Athar agus on Dtíghearna Iósa Críosd. Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:14-15

Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:22-24

A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal sna huile neithibh don druing is maighisdridhe oruibh do réir na feóla; ní a seirbhís súl, mar luchd do ní toil na ndaóine; achd maille re neamhurchóid chroidhe, ar mbeith eaglach dhíbh roimhe Dhía: Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 82:3-4

Déanaidh ceart don bhocht agus don dílleachta: déanuidh cóir don duine chráite agus do neasbhuidheach. Sáor an bocht agus an ríachtanach: ó láimh an duine urchóidigh tárthuigh é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 10:17

An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:12-13

Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithre, aithne do bheith aguibh air an luchd do ní sáothar bhur measg, agus atá ós bhur gcionn sa Dtíghearna, agus theaguisgeas sibh; Agus grádh ro dhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh ar son a noibre Bíghidh síothchánta eadruibh féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 29:2

Gáirdigh an pobal, a nuáir bhíd na fíréin a ccumhacht: acht a nuáir bhíos úachtaránacht ag an drochdhuine, osnaighe an poball.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 4:7

Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 14:19

Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:1

Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Títeas 1:5

A sé ádhbhar fár fhág mé thú a Gcréta, ionnus go leanfá do chéartughadh na neitheann atá fós gan cheartughadh, agus go nóirdeócha sagairt ann gach cathair, do réir mar do aithin mé dhiot:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Títeas 3:1-2

Cuir a gcuimhne dhóibh bheith úmhal duachdaránachduibh agus do chúmhachduibh, urruim do thabhairt úatha úmhadh dá bheith ullamh chum gach uile dheaghoibre mhaóribh, An tí atá na eiriceach tair éis fógra no dhó thabhairt dó seachuin é; Ar mbeíth a fheasa agad go bhfuil a shamhuil sin do neach ar ndul fá chéile, agus go bpeacuigheann sé, ar mbeith dhó damnuighthe úadh féín. An tan chuirfeas mé Artemas chugad, nó Tichicus, déun deitheas ré theachd chugam go Nicopolis: óir is ann sin do chuir mé romhan an geimhreadh chaitheamh. Seól uáid go dúthrachdach sa tslíghe Sénas an fear dlighe agus Apollos, ar ghléus nách mbiáidh uireasbhuidh éinneithe orrtha. Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóghluim ar dheaghoibrighibh do dhéunamh chum na ngnáhuightheadh riachdanach, ionnus nach beídis neamhthoruidheach. Cuirid a bhfuil um fhochairse uile a mbeannachd chugad. Teann riot an mhéid ghrádhuigheas sinne sa gcreideamh. Grása maille ribh uile. Amen. Gan neach ar bith do mhaslughadh, gan bheith brúighneach, achd suáimhneach, ag táisbéunadh na huile cheannsachda do na huile dháoinibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:17

Tuguidh onóir do na huile dhaóinibh. Grádhuighe na dearbhráithre. Bíodh eagla Dé oruibh. Tuguidh onóir don rí.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Tiomóid 2:1-2

Uime sin teaguisgim, thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, urnuighe, agus altughadh, ar son na huile dháoineadh; Achd (mar is cúbhaidh do mhnáibh gheallus crábhádh) ré deaghoibrighibh. Déunadh an bhean fóghluim a gcíuinus maille ris a nuile úmhlachd. Oír ní thuguim cead do mhnáoi teagusg do thabhairt uáithe, ná ceannas do bheith aice ós cionn a nfir, achd bheith na tóchd. Oír a sé Adhamh do crúthuigheadh ar tús, agus na dhiáigh sin Eúbha. Agus ní hé Adhamh do mealladh, achd ar mbeith don mhnáoi ar na mealladh a sí bá ciontach ré briseadh na háithne. Gidheadh slaineóchthar í ré breith cloinne, dá gcomhnuighid síad a gcreideamh agus a ngrádh agus a náomhthachd maille ré macántus. Ar son na ríghtheadh, agus ar son na nuile agá bhfuil cúmhachda; chum ar mbeatha do chaitheamh go sm mbeatha do chaitheamh go súaimhneach siothchánta dhúinn a nuile chráibhtheachd agus chneasdachd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 22:28

Oír is leis an TTIGHEARNA an rioghacht: agus isé is úachdarán a measc na ccineadhach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:1-4

Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad. Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe. Agus sin, ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chodladh: óir is goire dhúinn a nois ar slanughadh na a nuáir do chreideamar. Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais. Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth. Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh. Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chúmhachda, cuiridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh gabhaid damnughadh chuca féin. Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroich ghniomharthadh. Uime sin an mían riot bheith gan eagla an chúmhachda ort; déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh: Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Títeas 3:1

Cuir a gcuimhne dhóibh bheith úmhal duachdaránachduibh agus do chúmhachduibh, urruim do thabhairt úatha úmhadh dá bheith ullamh chum gach uile dheaghoibre mhaóribh,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:13-15

Uime sin bíghidh úmhal dá gach uile ordaighthe dhaóna, ar son an Tíghearna: ní hé amháin don rí, mar an tí agá bhfuil áirdcheannas; Achd do na húachdaránuibh mar an gcéudna, mar an luchd curtha úadh chum díoghaltuis ar luchd na míghníomh, agus chum molta luchd na ndeighghníomh. Oír is mar sin ag déunamh maitheasa dhíbh, as toil lé Día srían do chur ré hainbhfios na ndaóineadh éigcéillidhe:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:18

A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur máighisdribh maille ris a nuile fhaitcheas; ní hé amháin do na máighisdribh maithe déaghchróidheacha, achd fós do na droch mháighisdribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip

Paidir chun Dé

A Athair, is tusa an t-údarás is airde, an t-aon duine a bhfuil ceannas iomlán aige ar gach aon rud, mar is naofa agus is uasal thú. Guím ort go n-aithneoidh ceannairí agus rialtais an domhain gur tusa an t-údarás uachtarach agus go gcuirfidh siad a réimeas faoi stiúir do Spioraid Naoimh, agus le do shaoirse go rialóidh siad gach náisiún le breithiúnas cothrom. Deir do bhriathar féin: "Gach duine a bheadh umhal do na húdaráis atá os a chionn, mar níl aon údarás ann nach ó Dhia, agus na húdaráis atá ann, is ó Dhia atá siad ceaptha." A Thiarna, múin dom a bheith umhal do na húdaráis atá leagtha amach agatsa i mo shaol, idir thalmhaí agus spioradálta. Go raibh mo chroí géilleach, so-cheartaithe, agus gan aon fhriotaíocht a dhéanamh, ach go n-aithním na húdaráis atá ceaptha agatsa, sa bhaile, san obair, san eaglais agus sa tír. Múin dom dearcadh umhal a léiriú i gcónaí agus a bheith ina eiseamláir dóibh siúd atá timpeall orm, mar go deimhin is san umhlaíocht atá mo bheannacht. I n-ainm Íosa. Áiméan!
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí