Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 2:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 A sheirbhísigh, tugaigí umhlaíocht urraime do cheann urra an tí, ní hamháin do dhea-chinn urra cneasta ach do dhaoine ar deacair roinnt leo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh le gach eagla; ní h‐é amháin dóibh‐sean atá maith, cneasta, acht dóibh‐sean, leis, atá mí‐réasúnta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur máighisdribh maille ris a nuile fhaitcheas; ní hé amháin do na máighisdribh maithe déaghchróidheacha, achd fós do na droch mháighisdribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 2:18
13 Tagairtí Cros  

Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim; ní aithneoidh mé an t‑olc.


Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin, ach calaois le beola an urchóidigh.


Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.


Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.


Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,


gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n‑iompar ar fad.


Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí