Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Agus tháinig Íosa agus dúirt sé leo, “Bronnadh orm an uile údarás ar neamh agus ar talamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus ar theacht do Íosa, labhair sé leo, ag rádh: Tá an uile chumhacht ar neamh agus ar talamh tugtha damh-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus ar dteachd Diosa do labhair sé ríu, ag rádh, Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar a neamh agus ar talamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha dom-sa ar neamh agus ar talamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:18
31 Tagairtí Cros  

Atá gach uile nidh tabhartha dhamh‐sa ag m’Athair: agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Mac, acht ag an Athair; agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Athair acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a fhoillsiú dhó.


Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás nó go bhfeicid Mac an Duine ag teacht ’n‐a ríoghacht.


Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.


Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.


ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh tabhartha ’n‐a láimh dhó ag an Athair, agus go dtáinig sé ó Dhia,


fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh.


An té thig anuas, atá sé ós cionn cách: an té thig ó’n talamh is duine talmhaidhe é, agus is ar neithibh talmhaidhe labhras sé: an té thig ó neamh atá sé ós cionn cách.


Grádhuigheann an t‐Athair an Mac, agus atá gach uile nidh tabhartha aige dhó ’n‐a láimh.


An briathar do chuir sé chum clainne Israel, ag fógairt deagh‐scéal síothchána tré Íosa Críost (is é Tighearna ar chách é) —


Uime sin, bíodh a fhios go dearbhtha ag pobal Israel go bhfuil Tighearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do chrochabhair‐se.


Chuige sin is eadh fuair Críost bás, agus d’aiséirigh, chum go mbéadh sé ’n‐a Thighearna ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.


Óir do chuir sé gach uile nidh fá smacht fá n‐a chosaibh. Acht nuair adeir sé, Atá gach uile nidh curtha fá smacht, is léir nach mbaineann sin leis an té do chuir gach uile nidh fá n‐a cheannas.


agus is ann atá gach nidh go h‐iomlán agaibh‐se, san té is árd‐cheann ar gach flaitheas agus ar gach cumhacht,


acht do labhair sé linne ins na laethaibh deireannacha so tré n‐a Mhac, do chinn sé mar oidhre ar a bhfuil ann, tré n‐ar chruthuigh sé an domhan, leis.


Do chuiris gach uile nidh fá n‐a chosaibh. Óir, ag cur an uile nidh fá n‐a cheannas dó, níor fhág sé einnidh gan bheith curtha faoi. Acht ní fheicimíd anois gach nidh fá n‐a cheannas aige fós.


atá ar dheasláimh Dé, tar a éis dó dul isteach ins na flaitheasaibh; na h‐aingle, agus na h‐ughdaráis, agus na cumhachta bheith curtha fá n‐a cheannas.


Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal.


Cuirfidh siad cogadh ar an Uan, agus buaidhfidh an tUan ortha, óir is é Tighearna na dtighearna agus Rí na righthe é: agus buaidhfidh siad‐san atá i n‐éinfheacht leis: do glaodhadh, agus do toghadh iad, agus tá siad dílis.


Agus atá ainm scríobhtha ar a éadach agus ar a cheathramhain, Rí na Righthe, agus Tighearna na dTighearna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí