Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do chruinnigh siad le chéile i bhfochair na seanóir, agus do ghlacadar cómhairle le chéile, thugadar mórán airgid do na saighdiúiribh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Tháinig siad le chéile iadsan agus na seanóirí agus ghlac siad comhairle, agus ansin thug siad lán cráige dʼairgead do na saighdiúirí

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus chruinnigh siad-san i gcionn a chéile mar aon leis na seanóirí, agus i ndiaidh dul i gcómhairle dóibh, thug siad suim mhór airgid do na gárdaí,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do chruinnigheadar a gceann a chéile maille ris na sinnsioruibh, agus ar ndéanamh comhairle dhóibh, tugadar mórán airgid do na saighdiúiribh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Chruinnigh siad-san agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Chruinnigh siadsan agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:12
12 Tagairtí Cros  

Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é.


Agus ag imtheacht dóibh, féach, tháinig cuid de na gárdaibh isteach sa gcathair, agus d’inniseadar d’uachtaránaibh na sagart gach a dtarla.


g‐á rádh, Abraidh‐se, Tháinig a dheisceabail fá scáth na h‐oidhche, agus do ghoideadar é, nuair do bhío mairne ’n‐ár gcodladh.


Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cómhairle, agus adubhradar, Créad atá le déanamh againn? Óir atá an fear so ag déanamh a lán míorbhal.


Agus d’aontuigheadar leis: agus tar a éis dóibh na h‐abstail do ghlaodhach chuca, do bhuaileadar iad, agus d’órduigheadar dóibh gan labhairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí