Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Óir éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: agus béidh gortaí agus creatha talmhan ’n‐a lán áiteann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Mar éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin, agus éireoidh ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus creathanna talaimh ann in áiteanna éagsúla:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Óir éireochaidh cineadh i n-aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n-aghaidh ríoghachta; agus béidh pláigheanna, agus gorta, agus crathadh talaimh i n-áiteacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Oir éiréochuidh cineadh a naghaidh ríoghachda: agus beíd górta, agus pláighean na, agus crioth talmhan, a móran dáitibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:7
20 Tagairtí Cros  

agus béidh creatha móra talmhan, agus gortaí agus pláigheanna ’n‐a lán áiteann; agus béidh neithe uathbhásacha ann, agus cómharthaí móra ó’n spéir.


Agus d’éirigh duine aca darbh ainm Agabus, agus thug sé le tuigsin dóibh tríd an Spiorad go raibh gorta mhór le teacht ar an saoghal uile, rud tháinig chum críche i n‐aimsir Chlaudiuis.


Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir thuas, Agus míorbhailtí ar an talamh thíos; Fuil, agus teine, agus gal deataigh:


Agus an focal, Aon uair amháin, cialluigheann sé aistriú na neithe úd atá so‐chorruighthe, mar atá neithe do cruthuigheadh, chum go bhfanfadh na neithe atá do‐chorruighthe ’n‐a gcómhnaidhe.


Agus nuair d’fhoscail sé an séamhadh séala, do dhearcas, agus do bhí crioth mór talmhan ann; agus d’éirigh an ghrian chómh dubh le h‐éadach róin, agus d’éirigh an ghealach lán cosmhail le fuil;


Agus nuair d’fhoscail sé an treas séala, do chualas an treas ainmhidhe g‐á rádh, Tar. Agus do dhearcas, agus féach, capall dubh; agus meadh i láimh an té do bhí ar muin air.


Agus do chualas mar bhéadh guth i lár na gceithre n‐ainmhidhe g‐á rádh, Miosúr cruithneachtan ar phinginn, agus trí mhiosúr eornan ar phinginn: acht ná déan dochar do’n ola ná do’n fhíon.


Agus do dhearcas, agus féach, capall liathbhán: agus an té do bhí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a chuideachtain. Agus tugadh cumhacht dóibh ar an gceathramhadh cuid de’n talamh, chum bheith ag marbhadh leis an gclaidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh, agus le h‐ainmhidhthibh allta na talmhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí