Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 óir béidh cruadhtan annsin nach raibh a leithéid ann ó thosac an domhain go dtí seo, nach raibh, agus nach mbéidh arís go deoidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Mar beidh anró mór ann an uair úd, nach raibh a leithéid ann ó thús na cruinne go dtí anois, agus nach mbeidh a leithéid ann arís choíche.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Óir béidh buaidhreamh mór ann an tráth sin, nach raibh a leithéid ann ó thús an tsaoghail go dtí anois, agus nach mbéidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Oír bíadh amhgar mór ann tráthsin, amhail nach raibh ann ó thús an domhain gus a nois, agus nach mbiaigh go bráth.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:21
20 Tagairtí Cros  

Agus guidhidh nach sa ngeimhreadh bhéas bhúr dteicheadh, ná ar an tsabóid:


Acht annsin, tar éis anró na laethe sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus tuitfidh na réaltana ó’n spéir, agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á suathadh:


Acht tabhraidh‐se aire dhaoibh féin: óir do‐bhéarthar sibh i bhfiadhnaise na gcómhairle; agus sciúrsálfar sibh i sionagógaibh; agus seasfaidh sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh.


Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus béarfar i mbraighdeanas iad ar fud na gcineadhach go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá chosaibh na bPágánach, go dtí go gcóimhlíonfar ré na bPágánach.


’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha.


agus do bhí teinteacha, agus glórtha, agus tóirneacha ann; agus do bhí crioth mór talmhan ann, crioth talmhan nach raibh a leithéid ann ó bhí daoine ar domhan, a uamhnaighe do bhí sé.


Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí