Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Éistidh le samhlaoid eile: Do bhí fear tighe ann, agus do chuir sé fíonghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do thochail sé áit brúighte fíona ann, agus do thóg sé túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 “Éistigí le fáithscéal eile. Bhí ceann tí ann a phlandaigh fíonghort agus a chuir fál ina thimpeall, agus a thochail cantaoir fhíona, agus a thóg túr, agus a lig ar chíos do thionóntaí é, agus a thug tír eile air féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Éistigidh le fáithscéal eile: Bhí fear tighe ann a chuir fíonghort, agus rinne sé fál timcheall air, agus thochail sé fíon-fháisceán ann, agus thóg sé túr, agus shuidh sé le feirmeoirí é: agus d’imthigh sé féin ar an choigchrích.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Eísdigh ré cosamhlachd eile: Do bhí fear tighe áirighthe ann, do chuir fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do thochail sé ionad brúighte an fhiona innte, agus do thogaibh sé tor, agus tug sé do sgológaibh ar chiós í, agus do imthidh sé féin a gcoigcrích:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Éistidh le soluíd eile. Bhí fear tighe ann agus chuir sé fíonghort, agus chuir fé fál tímpal air, agus dhéin sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 “Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíon-ghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:33
23 Tagairtí Cros  

Éistidh, mar sin, le samhlaoid an tsíoladóra.


Óir is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe do chuaidh amach go moch ar maidin ag cur lucht oibre ar tuarastal ’n‐a fhíonghort.


Ach cad é bhúr meas air seo? Do bhí beirt mhac ag fear áirithe; agus tháinig sé chum an chéad mhic, agus adubhairt sé, A mhic, imthigh agus déan obair indiu im’fhíonghort.


g‐á rádh, Suidheann na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh i gcathaoir Mhaoise: ar an adhbhar sin,


Mar do bhéadh duine ag imtheacht i bhfad ó bhaile, d’fhág a theach, agus thug an cúram d’á sheirbhíseachaibh, a chuid féin de’n obair do gach duine aca, agus d’órduigh do’n dóirseoir faire do dhéanamh.


Adubhairt sé d’á bhrigh sin, D’imthigh duine uasal áirithe go tír i gcéin, chum ríoghacht do ghabháil dó féin, agus filleadh ar ais.


Is mise an fhíneamhain fhíor, agus is é m’Athair an fíon‐tsaothruightheoir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí