Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus nuair tháinig sé isteach sa teampall, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige, agus é ag teagasc, agus adubhradar, Créad é an t‐ughdarás atá agat‐sa chum na neithe seo do dhéanamh? agus cia thug an t‐ughdarás sin duit?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teampall, tháinig na hardsagairt agus seanóirí an phobail aníos chuige nuair a bhí sé ag teagasc, gur fhiafraigh siad de, “Cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás seo duit?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus nuair a tháinic sé isteach san teampall, tháinic uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus é ag teagasc, agus dubhairt: Cad é an t-ughdarás le n-a ndéan tú na neithe seo? Agus cé thug duit an t-ughdarás seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus an tráth tháinic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh ris, Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé a thug an t-údarás sin duit?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:23
12 Tagairtí Cros  

agus adubhairt sé leo‐san, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort, agus do‐bhéarad daoibh an méid is cóir. Agus d’imthigheadar‐san.


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh, agus má fhreagrann sibh í, inneosad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe sin do dhéanamh.


Agus d’imthigh Íosa ó’n teampall, agus do bhí sé ag dul ar a bhóthár; agus tháinig a dheisceabail chuige le foirignighthe an teampaill do thaisbeánadh dhó.


Adubhairt Íosa an uair sin leis an sluagh, An le claidhmhtibh agus le bataibh thángabhar amach chum beirthe orm mar bhéadh bitheamhnach ann? Do bhíos im’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasc, agus ní rugabhar orm.


Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh:


Agus tharla, lá amháin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, go dtáinig chuige uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe i n‐éinfheacht leis na seanóiribh;


Agus nuair do bhíodar curtha i lár baill aca, d’fhiafruigheadar, Créad é an t‐ughdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnabhar an nidh seo?


Acht an té do bhí ag déanamh na h‐éagcóra ar a chomharsain do chuir sé uaidh é, g‐á rádh, Cia rinne riaghlóir agus breitheamh dhíot‐sa os ár gcionn?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí