Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Créad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus má théid caora dhíobh ar seachrán, nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid, agus nach n‐imthigheann sé ar na sléibhtibh ar lorg an chinn do chuaidh ar seachrán?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Cad é bhur mbarúil? Má bhíonn fear ann agus céad caora aige, agus caora acu i ndiaidh dul ar seachrán, nach bhfágann sé an nócha is naoi gcaora ina dhiaidh, agus nach dtéann sé ag cuardach na caorach seachráin?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Cad é bhur mbaramhail? Má bhíonn céad caora ag duine agus téid ceann acu ar seachrán; nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid ar na sléibhte, agus nach dtéid sé ar lorg an chinn a chuaidh ar seachrán?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Créd do chithear dháoibh? Dá mbeith céad cáora ag áonduíne, agus go rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, a né nach bhfúigeadh sé na náoi gcáoiridh déag agus ceithre fichid, agus nach rachadh sé ar na sléibhthidh, diárruidh na cáorach do chúaidh air seachrán?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an chinn a chuaidh amú?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 “Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 “Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:12
17 Tagairtí Cros  

chum go mbéadh cúis aca air. Agus adubhairt seisean leo, cia h‐é an duine agaibh, ag a mbéidh caora amháin, agus go dtuitfidh sí isteach i bpoll, lá na sabóide, nach mbéarfaidh uirthi, agus nach dtógfaidh aníos í?


Agus má éirigheann leis a fágháil, go fírinneach adeirim libh, gur mó an t‐áthas atá air mar gheall uirthi‐se ’ná atá air mar gheall ar na naoi geinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh amugha.


Ach cad é bhúr meas air seo? Do bhí beirt mhac ag fear áirithe; agus tháinig sé chum an chéad mhic, agus adubhairt sé, A mhic, imthigh agus déan obair indiu im’fhíonghort.


Cad é bhúr dtuairim de’n Chríost? cia dar ab mac é?


Labhraim mar labharfainn le daoinibh tuigseanacha; beiridh breith ar a n‐abraim.


Óir do bhí sibh mar chaoirigh ag dul ar fán; acht anois atá sibh fillte chum Aodhaire agus chum Easpuig bhur n‐anmann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí