Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Acht, an eagla go dtiubhraimís scannal dóibh, imthigh‐se chum na fairrge, agus caith dubhán, agus tóg an chéad iasc thiocfas aníos; agus nuair fhosclóchas tú a bhéal, do‐gheobhair píosa airgid ann: glac é sin, agus tabhair dhóibh‐sean é ar mo shon‐sa agus ar do shon féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Ach leisce ábhar scannail a thabhairt dóibh, gabh chun na farraige agus caith amach duán, agus tóg an chéad iasc dá dtagann aníos, agus nuair a osclaíonn tú a bhéal gheobhaidh tú secel ann; glac é agus tabhair uait é ar son na beirte againn.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Achd ionnas, nach dtiobhramáois oilbhéim dhóibh, imthighsi chum na fáirge, agus teilg innte dubhán, agus tóg an cédiasg thiocfas a nios; agus ar nosgladh a bhéuil, do gheabha tú piósa airgid: glac sin, agus tabhair dhóibh é ar mo shonsa agus ar do shon féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:27
27 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt seisean, ó choimhightheachaibh. Adubhairt Íosa leis, D’á bhrigh sin, atá an chlann saor.


glacann sé mise: acht cibé duine thiubhras scannal d’aoinneach de na rudaibh beaga so chreideas ionnam‐sa, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch mhór muilinn ar a mhuineál, agus go mbádhfaidhe é i ndoimneacht na fairrge.


Agus má bheir do lámh nó do chos adhbhar scannail duit, gearr díot í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh nó ar leath‐chois, ’ná do dhá láimh agus do dhá chois do bheith agat agus thú chaitheamh sa teinidh shíorraidhe.


Uime sin, má bhíonn do shúil dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í agus caith uait í: óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.


Agus má bhíonn do lámh dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr dhíot í, agus caith uait í; óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.


Agus cibé duine bhéarfas adhbhar scannail d’aoinneach de na daoinibh beaga so chreideas ionnam, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch muilinn ar a mhuineál, agus go gcaithfidhe é sa bhfairrge.


Agus má bhíonn do lámh ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh, ’ná an dá láimh do bheith agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teinidh nach múchtar.


Ba mhaith dhó dá gcrochtaidhe bró muilinn ar a mhuineál, agus dá gcaithtidhe é isteach sa bhfairrge, ’ná go scannlóchadh sé duine de’n mhuinntir bhig seo.


Acht, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a dheiseabail ag cannrán ’n‐a thaobh so, adubhairt sé leo, An bhfuil sin ’n‐a chás oraibh?


Is é is ceart gan feoil d’ithe, ná rud ar bith do dhéanamh do bhéadh ’n‐a thrúig tuislidh dod’ bhráthair.


D’á bhrigh sin, má bheir biadh adhbhar scannail dom’ bhráthair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuislidh roimh mo bhráthair.


Acht tabhraidh do bhur n‐aire nach mbéadh an tsaoirse sin agaibh ’n‐a ceap tuislidh do’n dream atá lag.


chum nach bhfaghtar locht ar ár miniostrálacht;


Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.


staonaidh ó olcas de gach saghas.


Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí