Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Is é seo Eoin Baiste; d’éirigh sé ó na marbhaibh; agus is d’á bhrigh sin atá na cumhachta so ag oibriú ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus ar seisean lena sheirbhísigh, “Is é sin Eoin Baiste, tá sé tógtha ó mhairbh; sin í an chúis go bhfuil na cumhachtaí seo ar obair ann.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus dubhairt sé le n-a lucht freastail: Is é seo Eoin Baiste: d’éirigh sé ó na mairbh; agus, ar an adhbhar sin, tá míorbhailte dá n-oibriughadh ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dúbhairt sé ré na shearbhfhóghantuidhibh, A sé so Eóin Baisde; déirigh sé ó mharbhaibh; agus is dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibreaghadh ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus dubhairt sé le n-a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d’eírigh sé ósna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d’á ndéanamh tríd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí dá n-oibriú tríd.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:2
7 Tagairtí Cros  

Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean.


Agus adubhradar‐san, Adeir cuid aca, Eoin Baiste; cuid eile, Élias; agus cuid eile, Ieremias, nó duine de na fáidhibh.


Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea,


Agus do‐chuala Ioruath an rí ’n‐a thaobh sin; óir do bhí a ainm d’á luadh: agus adubhairt sé, Atá Eoin Baiste éirighthe ó na marbhaibh, agus, d’á bhrigh sin, atá na cumhachta so ag oibriú ann.


Agus d’fhreagradar, agus adubhradar leis, Eoin Baiste; agus adeir cuid eile, Élias; agus cuid eile fós, Aon de na fáidhibh.


Agus do‐chuala Ioruath an tetracha i dtaobh gach nidh do bhí d’á dhéanamh: agus do bhí mearbhall mór air, mar do bhí dream g‐á rádh gurbh é Eoin d’éirigh ó na marbhaibh;


Agus tháinig a lán daoine chuige; agus adubhradar, Ní dhearna Eoin míorbhail ar bith: acht gach a ndubhairt Eoin i dtaobh an fhir seo, do b’fhíor é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí