Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Déanaidh an crann maith agus a thoradh maith; nó déanaidh an crann lobhtha agus a thoradh lobhtha: óir ar a thoradh is eadh aithnightear an crann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 “Seo nó siúd: déanaigí dea-chrann agus dea-thoradh air, nó drochchrann agus drochthoradh air; mar aithnítear an crann ar a thoradh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Déanaigidh an crann maith, agus a thoradh maith; sin nó déanaigidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is ó n-a thoradh a aithnightear an crann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Ceachdar do dha ní, déanaidh an crann maith, agus a thoradh maith; no déanaidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh aithéantar an crann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Deinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóghanta air; nó deinidh an crann go h-olc agus an toradh go h-olc air; óir is as a thoradh do h-aithnightear an crann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:33
11 Tagairtí Cros  

A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtús an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionnas go mbéidh an taobh amuigh glan chómh maith.


Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.


An bhféadann crann fige, a bhráithre, caora crainn ola do thabhairt, nó crann fineamhna figí do thabhairt? Ní fhéadann, agus ní mó fhéadas uisce guirt fíor‐uisce do thabhairt.


Druididh le Dia, agus druidfidh seisean libh. Nighidh bhur lámha, a pheacacha, agus glanaidh bhur gcroidheacha go h‐iomlán, a lucht an dá chómhairle.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí