Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 D’á bhrigh sin adeirim libh, Maithfear do na daoinibh gach peacadh agus gach dia‐mhasladh; acht dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid ní maithfear dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 lnsím daoibh dá bhrí sin, go maithfear gach peaca agus diamhasla do dhaoine, ach nach maithfear an diamhasla a dhéantar in aghaidh an Spioraid.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Ar an adhbhar sin, deirim libh: Maithfear do na daoine gach peacadh agus diamhasla, acht ní mhaithfear diamhasla i n-aghaidh an Spioraid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Air a nadhbharsin a deirim ribh, Go maithfidhthear gach peacadh agus gach blaspheíme do na dáoinibh: gidheadh ní maithfidhthear do na dáoinibh, blaspheíme a naghaidh an Spiorad Naóimh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Deirim libh, d’á bhrígh sin: Maithfar do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla, ach diamhasla i n-aghaidh an Spioraid ní maithfar do dhaoine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 “Mar sin, táim dá rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:31
15 Tagairtí Cros  

Agus cibé duine labharfas focal i n‐aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é: acht an té adéarfas dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfear dó‐san e.


A lucht na muineál righin, gan cluasa ná croidhe timcheall‐ghearrtha agaibh, bíonn sibh i gcómhnaidhe ag cur i gcoinnibh an Spioraid Naoimh: fá mar rinne bhúr sinnsir, is mar sin do‐ghní sibhse.


Óir má ghnímíd peacadh d’ár ndeoin féin tar a éis dúinn eolas na fírinne d’fhágháil, ní fágthar aon íodhbairt eile ar son na bpeacaidhe,


nach móide go mór, an measann sibh, an pionós bhéas tuilte ag an té do shatail fá chois Mac Dé, agus thug tarcuisne d’fhuil an chonnartha le n‐ar naomhuigheadh é, agus thug masla do Spiorad an ghrása?


Óir na daoine fuair soillsiú, agus do bhlais an tíodhlacadh neamhdha, agus do rinneadh rannpháirteach san Spiorad Naomh,


Má admhuighmíd ár bpeacaidhe, atá seisean chómh dílis, chómh ceart sin agus go maithfidh sé ár bpeacaidhe dhúinn, agus go nglanfaidh sé ó gach neamh‐fíréantacht sinn.


Má chíonn aoinneach a bhráthair ag déanamh peacaidh nach bhfuil chum báis, iarrfaidh sé, agus bhéarfaidh Dia beatha dhó le h‐aghaidh na ndaoine nach ndéanann peacadh chum báis. Atá peacadh chum báis ann; ní abraim go mba cheart dó guidhe ar a shon sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí