Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 agus féach, do bhí duine ann, agus lámh leis seargtha. Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Bʼshiúd ansin fear a raibh leathlámh sheargtha air. Agus dʼfhiafraigh siad de, “An ceadmhach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?”, le cúis a fháil lena chur air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus féach, bhí fear ann a raibh lámh sheargtha air, agus d’fhiafruigh siad de, ag rádh: An dlisteannach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid? Chun go gcionntuigheadh siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus, féuch, do bhí duine an nag a raibh lamh sheargthuighe. Agus do fhiofruigheadar dhe, ag rádh, An ceaduightheach leigheas do dhéanamh annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n-a leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá sabóide?” chun go gciontóidís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide?” chun go gciontóidís é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:10
21 Tagairtí Cros  

Acht na Fairisínigh, nuair do chonnacadar‐san é, adubhradar leis, Féach, atá do dheisceabail ag déanamh nidh nach dleaghthach a dhéanamh, lá na sabóide.


Agus tháinig Fairisínigh chuige g‐á thriail, agus iad g‐á rádh, An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar adhbhar ar bith?


Agus do bhíodar ag faire an leigheasfadh sé é, lá na sabóide: le súil go mbéadh cúis aca air.


ag faire na faille air, le súil go bhfaghfaidís focal ó n‐a bhéal do bhraithfeadh é.


Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide.


an dleaghthach dhúinn cíos d’íoc le Céasar, nó gan a íoc?


Thugabhar chugam an fear so mar dhuine atá ag buaidhreadh na ndaoine agus féach, tar a éis dom a cheistiú ’n‐bhúr bhfiad naise, ní fhuaras cionntach é ins na neithibh atá agaibh‐se d’á gcur ’n‐a leith:


Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí.


Agus ba í an tsabóid do bhí ann an lá sin. Agus adubhairt na h‐Iúdaigh leis an duine a leigheasadh. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaghthach dhuit do leaba d’iomchar.


Do bhí ’n‐a luighe ionnta sin mórán daoine breoithe, daill, bacaigh, seirgthigh.


Má ghnítear timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid, chum nach mbrisfidhe reacht Mhaoise, an bhfuil olc agaibh damh‐sa, de chionn gur leigheasas duine go h‐iomlán sa tsabóid?


Acht g‐á thriail adubhradar é sin, le súil go bhféadfaidís rud éigin do chur ’n‐a leith. Acht do chrom Íosa síos, agus do bhí sé ag scríobhadh le n‐a mhéir ar an talamh.


Uime sin adubhairt cuid de na Fairisíneachaibh, Ní ó Dhia an fear so, óir ní choimhéadann sé an tsabóid. Acht bhí cuid eile aca adubhairt, Cionnas is féidir do dhuine peacamhail a leithéidí de mhíorbhailtibh do dhéanamh? Agus do bhí siosma eadortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí