Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus nuair do chinn ortha caoi d’fhágháil chum a thabhairt isteach mar gheall ar an sluagh, do chuadar suas go bárr an tighe, agus do leigeadar síos tré lár na slinn é féin agus an tocht, i bhfiadhnaise Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus mar nach bhfuair siad aon chaoi le n-a thabhairt isteach mar gheall ar an tsluagh, chuaidh siad suas ar mhullach an tighe, agus leig siad síos fríd na licíní mar aon leis an leabaidh é i lár báire ós cómhair Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus do theip ortha aon tslígh fhagháil chun é bhreith isteach, mar gheall ar an mbrúth daoine, agus chuadar anáirde ar an dtigh agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an tocht, i bhfiadhnuise Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:19
7 Tagairtí Cros  

An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é.


an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas leis na neithe atá ’n‐a thigh do bhreith leis;


Agus, de bhrigh nárbh fhéidir dhóibh teacht i ngar dó mar gheall ar an sluagh, do nochtadar bárr an tighe i n‐a raibh sé: agus do rinneadar foscailt ann, agus do leigeadar síos an leaba ar a raibh an fear pairiliseach ’n‐a luighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí