Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, nuair do bhí an sluagh ag brúghadh air agus ag éisteacht le briathar Dé, go raibh sé ’n‐a sheasamh le h‐ais locha Ghenésaret;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Bhí sé ina sheasamh lá ar imeall Loch Genésaret, agus na daoine á bhrú le briathar Dé a chluinstin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus thárla, nuair a bhí na sluaighte ag brúghadh isteach air chun briathar Dé a chluinstin, gur sheasuigh sé cois loch Ghenesaret,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeach ré bréithir Dé, gur sheas seision láimh ré loch Ghenesaret,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin ’n-a sheasamh ar bruach locha Genésareit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:1
21 Tagairtí Cros  

Agus ó laethibh Eoin Bhaiste go dtí anois atá ríoghacht na bhflaitheas d’á h‐éigniú, agus is iad lucht foiréighin bhíos g‐á fuadach.


Agus nuair do chuadar trasna, thángadar chum tíre i nGenésaret.


Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh bád beag do choimhéad i gcómhair dhó i gcómhnaidhe, mar gheall ar an sluagh, ar eagla go mbrúghfaidís é;


Agus do thosnuigh sé aris ar theagasc do dhéanamh cois na fairrge. Agus do chruinnigh sluagh an‐mhór chuige, i dtreo go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé ann ar an bhfairrge; agus do bhí an sluagh uile ar an talamh, le h‐ais na fairrge.


Agus d’imthigh sé i n‐éinfheacht leis; agus do lean sluagh mór é, agus do bhíodar ag brúghadh air.


Agus nuair do chuadar trasna, thángadar chum tíre i nGennésaret, agus d’fheistigheadar do’n talamh.


Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh.


Agus do chonnaic sé dhá bhád ar imeall an locha: acht do bhí na h‐iascairí imthighthe asta, agus do bhíodar ag nighe a líonta.


Agus tharla, lá de na laethibh sin, go ndeachaidh sé féin agus a dheisceabail isteach i mbád; agus adubhairt sé leo, Téighmís trasna anonn go dtí an taobh eile: agus d’imthigheadar rómpa.


Act ag imtheacht fá sheol dóibh do thuit a chodladh airsean: agus d’éirigh stoirm gaoithe ar an loch; agus do bhíodar d’á líonadh agus do bhíodar i gcontabhairt.


Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na deamhain amach as an duine, agus do chuadar isteach ins na mucaibh: agus do rith an tréad de ruathar le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad.


Agus adubhairt Íosa, Cia h‐é do bhain liom? Agus nuair shéan gach uile dhuine é, adubhairt Peadar agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, A Mháighistir, atá na sluaighte ag teannadh umat agus ag brúghadh ort.


Duine de’n bheirt do bhí ag éisteacht le h‐Eoin, agus do lean Íosa, ab eadh Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar.


I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa trasna mar Galilé, is é sin muir Thibérias.


Cuimhnighidh ar bhur dtreoraidhthibh, do labhair briathar Dé libh; breathnuighidh deireadh a saoghal ar talamh, agus déanaidh aithris ar a gcreideamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí