Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:52 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

52 Agus adubhairt Íosa leo‐san tháinig chuige, uachraráin na sagart, agus maoir an teampaill, agus na seanóirí, An chum bitheamhnach d’ionnsaighe, tháinig sibh amach, le claimhtibh agus le bataibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

52 Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

52 Agus dubhairt Íosa le h-uachtaráin na sagart agus ceannairí ghárda an teampaill agus na seanóirí, a tháinic chuige: An dtáinic sibh amach amhail chuig gadaidhe le claidhmhe agus bataí?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

52 Agus a dubhairt Iósa ris na hardsagartaibh, agus úachdaráuibh an teampuill, agus na seinnsearaibh, tháinic chuige, An dtangabhair amach, le cloidhimhthibh agus le batuidhibh, amhuil chum bhiothamhnuigh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

52 Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

52 Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

52 Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:52
10 Tagairtí Cros  

Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail.


Adubhairt Íosa an uair sin leis an sluagh, An le claidhmhtibh agus le bataibh thángabhar amach chum beirthe orm mar bhéadh bitheamhnach ann? Do bhíos im’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasc, agus ní rugabhar orm.


Óir adeirim libh, go gcaithfear an nidh seo atá scríobhtha do cóimhlíonadh ionnam‐sa, Agus do h‐áirmheadh é le cuirptheachaibh: óir an méid bhaineas liom atá sé d’á chóimhlíonadh.


Agus d’imthigh sé, agus do ghlac sé cómhairle le h‐uachtaránaibh na sagart agus leis na ceann‐phortaibh, cionnas bhéarfadh sé ar láimh dóibh é.


Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Leigidh liom an méid seo. Agus do chuir sé a lámh ar an gcluais, agus do leigheas sé í.


Nuair do bhíos gach aon lá ’n‐bhúr measc sa teampall, níor shíneabhar lámh im’ choinnibh: acht is libh‐se an uain seo, agus cumhacht an dorchadais.


An fhaid do bhíos‐sa ’n‐a bhfochair, do chongbhuigheas it’ ainm‐se iad‐san thugais dom, agus do chosnas iad, agus ní dheachaidh aoinneach aca amugha, acht mac an mhillte, chum go gcoimhlíonfaidhe an Scrioptúir.


Annsin d’imthigh an ceannphort i n‐éinfheacht leis na h‐oifigeachaibh, agus thug sé leis iad, gan aon éigean; óir do bhí eagla an phobail ortha, go ngabhfaidhe de chlochaibh ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí