Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 3:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 béidh siad ’n‐a bhfealltóiribh, béidh siad ceanndána, lán d’uabhar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 iad fealltach, ceanndána, á séideadh le huabhar, ina ndaoine ar fearr leo a bpléisiúr féin ná Dia,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Luch bratha, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó na Día;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:4
12 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, nuair nach féidir cur ’n‐a choinnibh, ba cheart daoibh fanamhain socair, gan éinnidh do dhéanamh go h‐obann.


Cia aca de na fáidhibh nach ndearna bhúr sinnsir géir‐leanamhain air? agus do mharbhadar iad‐san d’fhógair roimh ré teacht an Fhíréin úd; go bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr mbrathadóiribh agus ’n‐bhúr ndúnmharbhthóiribh aige;


Is fíor sin: acht is de dheascaibh mí‐chreidimh do briseadh iad de, agus is tré chreideamh sheasas tusa. Ná bí mór‐dhálach, acht bíodh eagla ort:


Óir ní do’n Tighearna Críost atá a leithéidí ag déanamh seirbhíse, acht d’á mbolg féin; agus tá siad ag mealladh croidheacha na ndaoine simplidhe le blastacht cainnte agus le bladaireacht.


Ba cheart dó gan bheith ’n‐a nua‐chreidmheach, ar eagla, ar mbeith lán d’uabhar dó, go dtuitfeadh sé fá bhreitheamhnas an diabhail.


Acht an bhean chuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marbh, agus í ’n‐a beathaidh.


Órduigh do na daoinibh go bhfuil saidhbhreas aca san tsaoghal so gan bheith árd‐aigeantach, gan a muinighin do chur as an saidhbhreas so‐ghluaiseachta, acht as Dia do‐bheir gach nidh go fial dúinn chum ár sástachta:


Is iad‐san do‐ghní deaghailte iad, dream colnaidhe, gan an Spiorad bheith aca.


Óir atá daoine áirithe do shleamhnuigh isteach ós íseal, daoine do réamh‐órduigheadh fad ó chum na daoir‐bhreithe seo, daoine neimh‐dhiadha atá ag tionntodh grása ár nDé go colnaidheacht, agus atá ag séanadh Íosa Críost, ár n‐aon Mháighistir agus ár n‐aon Tighearna amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí