Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Óir béidh na daoine leithleasach, sanntach, maoidhteach mórtasach, masluightheach, easumhal d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh, díombuidheach, mí‐naomhtha, gan grádh nádúrtha,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Mar beidh na daoine mar mhaithe leo féin, santach, bródúil, diomasach, magúil, easumhal dá dtuismitheoirí, míbhuíoch, mínaofa,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Oír béid dáoine rócheanamhuil orrtha féin, sanntach, aidhbhéil, díomsach, íthiomráiteach, easúmhal dá naithribh agus dá máithribh, dómbuidheach, neamhnáomhtha,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:2
43 Tagairtí Cros  

ní onóróchaidh seisean a athair. Agus atá aithne Dé curtha ar neamh‐nidh agaibh ar son bhúr sean‐ghnás.


Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire, agus seachnaidh sibh féin ar an tsainnt: óir ní i bhflúirse a bhfuil aige atá beatha an duine.


Agus do bhí na Fairisínigh, dream do bhí tugtha do’n tsainnt, do bhí siad ag éisteacht leis na neithibh sin uile; agus do‐rinneadar magadh faoi.


Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.


Óir tamall roimhe seo d’éirigh Teúdás, g‐á chur i gcéill gur duine mór é féin; agus do chlaoidh scata daoine, timcheall ceithre céad díobh leis: do marbhadh é; agus do scaipeadh iad‐san do lean é, agus ní tháinig éinnidh d’á bhárr.


ná déan maoidhmheachas i n‐aghaidh na ngéag. Acht má ghníonn tú maoidhmheachas, ní tusa atá mar thaca leis an bhfréimh, acht is í an fhréamh atá mar thaca leat‐sa.


agus go bhfuair seisean bás ar son an uile dhuine; chum nach mairfeadh siad‐san atá beo dhóibh féin as sin amach, acht do’n té fuair bás agus d’aiséirigh ar a son.


Óir ní h‐iad gnóthaí Íosa Críost, acht a ngnóthaí féin, is cúram leo uile.


Uime sin marbhuighidh bhur mbaill atá ar talamh; striapachas, neamh‐ghlaine, ainmhianta, droch‐chlaonta, agus sainnt — íodhal‐adhradh is eadh í;


agus nochtadh fir an pheacaidh, an mac mallachtan árduigheas é féin os cionn gach a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar adhradh dhó; ar mhodh go suidheann sé i dteampall Dé, g‐á chur i gcéill gur Dia é féin.


Daoine dhíobh‐san is eadh Hímenaeus agus Alecsander, daoine do scaoileas le Sátan, chum go múinfidhe dhaoibh gan dia‐mhasladh do labhairt.


agus má thuigeann sé nach do’n duine fíréan do cumadh an dlighe, acht do dhaoinibh míriaghalta, easumhla, do dhaoinibh neamh‐dhiadha agus do pheacachaibh, do dhaoinibh mí‐naomhtha, masluightheacha, do lucht marbhtha aithreach agus máithreach, do dhún‐mharbhthóiribh,


gan bheith tugtha do’n fhíon, gan bheith bruigheantach;


Óir fréamh an uile shaghais uile is eadh grádh an airgid, agus g‐á shanntú do dhaoinibh áirithe, do chuadar ar fán ó’n gcreideamh, agus is iomdha arraing le n‐ar tholladar iad féin.


atá sé lán d’uabhar, ní fhuil aon eolas aige; acht atá sé ar mearbhall fá cheisteannaibh, agus fá fhoclaibh achrannacha, ó n‐a bhfásann formad, aighneas, masla, droch‐amhras,


béidh siad ’n‐a bhfealltóiribh, béidh siad ceanndána, lán d’uabhar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;


Acht má chóimhlíonann sibh an dlighe ríoghdha do réir na scrioptúra, Grádhóchair do chómharsa mar thú féin, atá sibh ag déanamh go maith:


Acht anois do‐ghní sibh mórdháil ’n‐bhur smaointibh uaibhreacha: droch‐nidh is eadh maoidhmheachas d’á leithéid sin.


Acht is móide do‐bheir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinnibh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


Ar an gcuma chéadna, cuireadh an t‐aos óg iad féin fá cheannas na seanóir. Bíodh an umhlacht mar chlúdach oraibh, óir cuireann Dia i n‐aghaidh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


iad‐san go mór‐mhór chleachtas droch‐mhianta na colna, le h‐andúil i neamh‐ghlaine, agus do‐bheir droch‐mheas ar smhacht. Daoine ceanndána, antoileacha, ní h‐eagal leo masla do thabhairt do’n tsluagh glórmhar:


Acht scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainmhidhthe brúideamhla do réir dúthchais, do chruthuigheadh chum bheith gabhtha agus scriosta, ag labhairt dóibh go masluightheach ar neithibh nach dtuigid,


Óir, ag labhairt do mórdhálach as baoth‐chainnt dóibh, bréagaid le h‐ainmhiantaibh na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalódh ó’n dream atá ag siubhal ar mearbhall:


Agus le sainnt déanfaidh siad adhbhar ceannaidheachta dhíbh le briathraibh mealltacha: dream go bhfuil a mbreitheamhnas le tamall fada anois ag teannadh leo, agus nach bhfuil a scrios ag fanamhain fá shuan.


Lucht clamhsáin, lucht cannráin is eadh a leithéidí, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta féin (agus focail mhóra, maoidhteacha ’n‐a mbéal aca), ag tabhairt ómóis do dhaoinibh le súil go bhfaighidh siad brabach dóibh féin.


Agus do sheasuigh sé ar ghaineamh na mara. Agus do chonnacas ainmhidhe ag teacht aníos as an bhfairrge, deich n‐adharca aige agus seacht gcinn, agus deich gcoróineacha ar a adharcaibh, agus ainmneacha dia‐mhaslaidh ar a cheannaibh.


agus do mhasluigheadar Dia neimhe mar gheall ar a bpiantaibh agus ar a neascóidibh: agus ní dhearnadar aithrighe ’n‐a míghníomharthaibh.


Agus do thuit cloich‐shneachta mór, chómh trom le talainn, anuas ó’n spéir ar na daoinibh: agus do mhasluigh na daoine Dia mar gheall ar phláigh an chloich‐shneachta; óir do bhí an phláigh sin an‐mhór.


Agus do bhí na daoine d’á loscadh le dian‐teas mór, agus do mhasluigheadar ainm an Dé go raibh smacht ar na pláigheannaibh seo aige; agus ní dhearnadar aithrighe chum glóir do thabhairt dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí