Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an dTighearna gur leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhóghmhair dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair go gcuire sé buanaithe amach chun a fhómhair.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Ar an adhbhar sin, guidhigidh tighéarna an fhóghmhair, chun go gcuiridh sé oibridhthe amach chuig a fhóghmhar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Guidhidh, d’á bhrigh sin, Tighearna an fhóghmhair, go gcuirfidh sé amach oibridhthe chum an fhóghmhair do bhaint dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair, luchd oibre do chur a mach ehum a fhóghmhair féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuire sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

38 Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:38
15 Tagairtí Cros  

Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach.


Ansan dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól an t-Athair mise seólaim-se sibh-se.


Ná fuil, dar libh-se, an fóghmhar ag teacht i gceann cheithre mhí? Féach mé ’ghá rádh libh: Tógaidh bhúr súile agus féachaidh ar ná críochaibh, conus mar atáid siad geal cheana féin chun an fhóghmhair.


Agus bhíodar ag déanamh gnótha an Tighearna agus ag déanamh trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó: Deighlighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h-oibre d’á bhfuilid glacaithe agam.


Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluaiseadar rómpa ag craobhsgaoile bréithre Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí