Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Ach is é a deireadh na Fairiséigh, “Bíonn sé ag díbirt na ndeamhan le cuidiú phrionsa na ndeamhan.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Acht dubhairt na Fairisínigh: Teilgeann sé amach na deamhain tré phrionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Achd a dubhradar na Phairisinigh, Tre phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé an mach na deamhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:34
9 Tagairtí Cros  

Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?


Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann.


Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.


Agus má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain, cad leis go gcuirid bhúr gclann féin amach iad? Fágaim, d’á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne féin sibh.


Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach.


Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach.


Óir, gach aoinne a bhíonn ag déanamh an uilc bíonn fuath aige do’n tsolus, agus ní thagann sé chun an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ghniomhartha.


Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí