Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheóbhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheo­bhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Iarraigidh, agus bhéarfar díbh; cuartuighigigh, agus gheobhaidh sibh; buailigidh, agus fosclóchar díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh: loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; cnagaidh, agus fosclóchar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:7
43 Tagairtí Cros  

Agus deirim libh ’n-a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais.


Agus gach nídh ar bith a dh’iarrfaidh sibh i n-úrnuighthe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é.


Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir.


Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?


Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-tar dó.


Deirim libh d’á bhrígh sin: An uile rud ar domhan a bheidh agaibh ’á iarraidh i nbhúr n-úrnuighthe, creididh go bhfaghaidh sibh é agus gheobhaidh sibh é.


Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.


Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is ceart bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan bheith cortha dhe.


Ní sibh-se a dhein mise do thoghadh: ach is mise a dhein sibh-se do thoghadh, agus do cheapadh chun go n-imtheochadh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh uaibh, agus go leanfadh bhúr dtoradh; i dtreó, pé rud a dh’iarrfadh sibh ar an Athair am’ ainim-se, go dtabharfadh sé daoibh é.


Má fhanann sibh ionam-sa, agus má fhanaid mo bhréithre ionaibh, iarrfaidh sibh pé nídh is maith libh, agus déanfar daoibh é.


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh’iarrfadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí