Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:64 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

64 Órduigh-se, d’á bhrígh sin, gárda chur ar an uaigh go dtí an trímhadh lá: le h-eagla go dtiocfadh a dheisgiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eirigh sé ós na mairbh: agus beidh an feall deirineach níos measa ’ná an chéad fheall.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

64 Ordaigh dá bhrí sin go ndruidfear an tuama go daingean go dtí an tríú lá, ar eagla go rachadh a dheisceabail á fhuadach ar shiúl, agus go n‑inseoidís do na daoine gur éirigh sé ó mhairbh, agus go mbeidh an mealladh deireanach níos measa arís na an chéad mhealladh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

64 Ar an adhbhar sin, órduigh an tuamba a ghárdáil go dtí an tríomhadh lá, ar eagla go dtigeadh a dheisciobail agus go ngoideadh siad leo é, agus go n-abradh siad leis na daoine: D’éirigh sé ó na mairbh; agus béidh an earráid dheireannach níos measa ná an chéad cheann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

64 Tabhair órdú, d’á bhrigh sin, gárda do chur ar an tuama go dtí an tríomhadh lá, ar eagla go dtiocfadh a dheisceabail agus go ngoidfidís é, agus go n‐abróchaidís leis na daoinibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh: agus ba mheasa an feall deireannach ’ná an chéad fheall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

64 Ar a nadhbharsin aithin coimhéad do chur ar an ttúama go ceann an treas lá, ar eagla go dtiucfaidis a dheisciobail annsa noidhche, agus go ngoidfidis é, agus gi naibéoradís ris an bpobal, Do éirigh sé ó mharbhuibh: agus bíaidh an seachrán dheigheanach ni is measa ná an chéud seachrán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

64 Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal dá fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: ‘Tá sé éirithe ó mhairbh,’ agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

64 Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal á fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: ‘Tá sé éirithe ó mhairbh,’ agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:64
5 Tagairtí Cros  

Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Imthighidh, agus déinidh an ghárdáil mar is eól daoibh.


Agus dubhradar leó: Abraidh, táinig a dheisgiobuil sa n-oidhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí