Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:64 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

64 Ach ní lúgha adeirim-se libh-se, Chífidh sibh ’n-a dhiaidh so Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

64 Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

64 Deir Íosa leis: Dubhairt tú é. Cidheadh deirim libh, ina dhiaidh seo, tchífidh sibh Mac an Duine ina shuidhe ar dheas-láimh chumhacht Dé, agus ag teacht ar néallta neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

64 Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

64 A deir Iosa ris, A dubhairt tusa é: achd cheana a deirimsi ribh, Na dhiaigh so do chifidhe Mac an duine na shuidhe ar deas láimh chumhachd Dé, agus ag teachd a néullibh neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

64 Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

64 Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:64
26 Tagairtí Cros  

Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.


Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.


Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibh?


Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, agus chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam.


Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé gncathaoir a ghradaim;


Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.


Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é.


Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.


Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.


Agus ansan dubhairt Íosa leis: Is mé; agus chífidh sibh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé agus ag teacht i sgamallaibh neimhe.


Agus an uair sin chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal te mór-chómhacht agus le gradam.


Ach ó’n dtráth so amach beidh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé.


Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: Deirthí-se gur mé.


Ansan dubhairt Pílát: An rí thu, mar sin? D’fhreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus is chuige do thánagh ar an saoghal, chun go ndéanfainn fiadhnaise do’n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis an bhfírinne, éisteann sé le m’ ghlór-sa.


A fheara Ghaililiacha, cad ad áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógta suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma gcéadna, fé mar a chonacabhair ag dul suas ar neamh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí